Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Fuíolluisce Poiblí sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Bhí mé istigh ar feadh tamaillín ach bhí orm dul ar ais chuig mo choiste féin agus cúpla ceist a chur agus ansin lean sé ar aghaidh ós cionn leathuair a chloig. Go raibh míle maith agaibh. Léigh mé an méid a bhí le rá ag na finnéithe agus chuala mé píosa den chaint. B’fhéidir go n-ardóidh mé rudaí a ardaíodh cheana mar gheall nach raibh mé anseo.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a rá leis na finnéithe go raibh an feachtas Filleadh Abhaile iontach. Chuir sé Conamara i lár an mhapa agus thuig daoine an áit a bhí i gceist agus chuile shórt mar sin. Is iontach an rud é feachtas chomh dearfach a bheith ann freisin. Nuair atá daoine ag smaoineamh ar an áit ina bhfuil siad ag iarraidh a bheith ina gcónaí agus gur mhaith leo a gcuid teaghlaigh a thógáil ann, smaoiníonn an chuid is mó againn ar an áit arb as muid. Níl an deis seo ag daoine mar gheall ar chogaidh in áiteanna éagsúla ach ar ndóigh anseo, tá sé uafásach nach bhfuil sé mar dheis ag daoine toisc go bhfuil fadhbanna infreastruchtúir ann; go háirithe nuair atáimid ag breathnú ar an ngéarchéim tithíochta atá againn agus an brú ollmhór atá ar sheirbhísí i gceantair uirbeacha, mar shampla, mar gheall air sin.

Tá sé dochreidte i ndáiríre go bhfuil ceantair againn ina bhfuil daonra ag teastáil do na scoileanna. Luadh an cúig scoil a bhí ar tí dúnadh agus go bhfuil scoileanna eile i mbaol. Níl plean fadtéarmach ann le rá "tá na ceantair seo ann, tá pobal iontu agus is áiteanna áille iad le bheith ina cónaí ann". Níl an plean sin ann.

Sílim ón méid a chuala mé gur lua chuile dhuine na fadhbanna maidir le córas séarachais. Tá sé dochreidte nach bhfuil sé sin mar phlean ag an gcomhairle chontae ach an oiread. Is dócha gur rud é sin go gcaithfimid ar fad, mar ionadaithe sa cheantar, a ardú go leanúnach. Ón méid a luaigh na finnéithe níos luaithe, is léir go bhfuil fadhbanna leis an gcóras séarachais. Cloisimid sin ar Raidió na Gaeltachta an t-am ar fad. Mar sin, tuigimid é sin. Ar an gcéad dul síos, an bhfuil na finnéithe ag rá go gcaithfeadh go mbeadh sé mar priority ag an gcomhairle contae déileáil le sin? B’shin an chéad rud.

Sílim gur léigh mé píosa sa ráitis tosaigh go gceapann na finnéithe go bhfuil ciste nua ag teastáil. Chuala mé, agus tá na finnéithe tar éis é a rá, go bhfuil gá le tithe sóisialta agus ansin tithe ar phraghas réasúnta freisin chun daoine a mhealladh ar ais.

Fad is atáimid ag caint ar sin agus ar dhaoine a mhealladh ar ais nó ar an bhfeachtas Filleadh Abhaile, cén dearcadh nó cén cineál brú atá ar dhaoine nuair atá siad ag smaoineamh ar teacht abhaile? B’fhéidir go raibh daoine i Meiriceá nó i Sasana agus go raibh orthu dul ann don obair agus mar sin de, nó go raibh siad ag iarraidh dul ann ar feadh tamaillín; ní fios. Nuair a thagann siad abhaile, an bhfuil deacrachtaí le fostaíocht freisin nó cén brú atá ar dhaoine ó thaobh cúrsaí fostaíochta de? Tá na deacrachtaí maidir leis an gcóras iompair phoiblí go maith ar eolas againn. Más rud é go gcaithfidh tú dul sa charr agus taisteal do dtí an chathair nó fiú go dtí eastát tionscail na Páirce Móire, tá tú ag caint ar roinnt uaireanta a chloig. An gcuireann sé sin as do dhaoine agus iad ag smaoineamh ar bhogadh ar ais nó filleadh abhaile? Tá cúpla ceist ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.