Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Fuíolluisce Poiblí sa Ghaeltacht: Plé

Ms M?ir?n N? Choisdealbha-Seoige:

Cinnte. Tá sé feicthe againn le blianta. Gabhfaidh mé siar go dtí roimh na paindéime Covid. Thosaigh feachtas le haghaidh níos mó tithíochta a chur ar fáil mar tugadh faoi deara an-sciobtha go raibh go leor daoine a rinne éileamh ar thithe sóisialta ag bogadh amach as an gceantar. Is é sin teaghlaigh ag bogadh amach as an gceantar agus daonra ag titim inár scoileanna Gaeltachta. B'fhéidir go gcuimhníonn na baill ar an bhfeachtas a bhí againn chun Scoil Cholmáin i Muigh Inis a shábháil. Tá sí fós i mbaol. Is é sin an fáth gur dhírigh an comharchumann ar an bhfeachtas Filleadh Abhaile. Tháinig roinnt daoine abhaile ach níl siad ag teacht abhaile sách tréan de bhrí nach bhfuil tithe ar fáil sa gceantar. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh tithe sóisialta ar fáil sa phobal ach ní féidir iad a chur ar fáil gan an gcóras séarachais agus infreastruchtúr bunúsach. Tá an rud céanna fíor maidir le tithíocht inacmhainne. Rinne mé roinnt cainte faoin scéim Croí Cónaithe, rud a chuirim fáilte roimhe.

Feiceann muid muintireacha atá tar éis athlonnú go dtí an ceantar ag baint buntáiste as sin. Creideann muid go bhfuil ceithre iarratas beo leis an gcomhairle contae faoi láthair. Is deis iontach é sin d'aon duine atá ag iarraidh bogadh abhaile nó ag iarraidh cur fúthu sa mbaile teach a cheannach agus é a dhéanamh suas. Fáiltím roimhe sin ach níl sé sin chun chuile scoil ón gCaiseal siar go Camas a choinneáil oscailte. Mar a dúirt mé i mo ráiteas tosaigh, tá cúig scoil dúnta cheana féin. Níl mise ag iarraidh ceann eile a fheiceáil dúnta ach tá feachtas ann go mbeidh péire ar a laghad nó trí cinn dúnta as sin go cúig bliana mura féidir linn bealaí a fháil chun an daonra atá againn a choinneáil sa cheantar agus daoine a mhealladh ar ais. Tá roinnt infheistíochta déanta maidir le moil Gteic ar fud na nGaeltachtaí ó Dhún na nGall go Corcaigh agus Ciarraí. Feiceann muid na deiseanna atá ann do dhaoine athlonnú sa cheantar lena gcuid post féin. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, Tomás Ó hAllmhuráin, tá go leor iarrachtaí déanta maidir le poist a fhorbairt. Tá sé sin ar fad ag brath ar chead pleanála. Feicimid romhainn ach caithfidh an t-infreastruchtúr agus an córas séarachais a bheith ann chun na tithe seo a chur ar fáil sna mbailte. Tá baic ar dhaoine aonaracha cead pleanála a fháil ar shuíomhanna leo féin. Go leor den am, is féidir déileáil leis na fadhbanna sin ach níl an oiread sin talamh le fáil níos mó so táimid ag brath ar rogha a bheith ag daoine bogadh isteach go dtí na mbailte.

Tagraím don chéad phíosa de ráiteas an Teachta Ó Cuív. Ba mhaith liom go pearsanta go mbeadh an ciste infreastruchtúir Ghaeltachta maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus go mbeadh smacht againn ar philéir éagsúla an chiste ó thaobh infheistíocht sa bpobal. Táimid ag caint faoin séarachas faoi láthair ach tá na céibheanna agus gach rud eile sa gceantar nach bhfuilim in ann cuimhneamh air chomh tábhachtach céanna.

Ó thaobh sráidbhailte Charna, Cill Chiaráin agus Ros Muc, tá an t-ádh dearg linn go bhfuil ionad sláinte againn. Tá seirbhís iontach sláinte agus scoileanna den scoth againn. Tríd obair chrua na n-oibrithe deonacha agus na gcoistí deonacha, tá airgead á thabhairt isteach sa phobal againn agus táimid féin ag déanamh forbairt ar áiseanna pobail. Is é an rud faoi sin ná go gcaithfidh sciar pobail a bheith ann. Tá sé sin uafásach deacair dúinn. Mar shampla, tá sé halla pobail sa gceantar agus táimid ag breathnú ar uasghrádú a dhéanamh orthu sin chun ráta BER níos fearr a bhaint amach agus costais fhuinnimh a laghdú sa téarma fada ach tá sé iarratas agus sé sciar pobail ag baint leis sin. Is dúshlán an-mhór é sin do phobal ina bhfuil níos lú ná 3,000 duine ina gcónaí i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.