Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Fuíolluisce Poiblí sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, tá ceist amháin shimplí agam. Roimhe seo, bhí freagracht as an nGaeltacht agus as forbairt tuaithe ag an Roinn chéanna. Bhí ciste infreastruchtúr ag an dá rannóg agus iad i Roinn amháin a bhí curtha in áit, mar shampla, an scéim ceantair laga ard-riachtanais, CLÁR, a bhí ann do cheantair ina raibh daonra íseal. Bhí Conamara láir sa scéim sin. Bhí ciste ann do cheantair Ghaeltachta freisin mar, go traidisiúnta, bhí an t-infreastruchtúr neamhfhorbartha i go leor ceantair Ghaeltachta, go mór mór sna Gaeltachtaí is láidre. An gceapann Máirín Ní Choisdealbha-Seoige gur socrú níos fearr a bhí ansin ná an socrú atá ann anois agus an dá rannóg scartha óna chéile agus ag imirt ping-pong le fadhbanna den chineál seo ó thaobh na nGaeltachtaí de, is é sin, go bhfuil rannóg forbartha in áit amháin agus rannóg Ghaeltachta in áit eile? An mbeadh sé níos fearr an dá chúram a bheith nasctha in aon Roinn amháin?

Tá ciste curtha ar bun ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le haghaidh bailte nach bhfuil córais séarachais iontu. An bhfuil an ceart agam gurb é an chontúirt atá ansin ná go mbeidh na bailte móra a luadh, Droichead an Chláirín, Creachmhaoil agus mar sin de, ag barr an liosta agus go mbeidh Carna píosa fada síos an liosta? Táimid ag iarraidh gach rud a dhéanamh droim ar ais, ag tosú sna háiteanna beaga atá in ann daoine breise a láimhseáil ach nach bhfuil ag dul ag fáil séarachais go luath. B'fhéidir go bhféadfaí ceist eile a fhreagairt ar an mbealach seo. Dá mba rud é go bhfuair Carna scéim shéarachais, ó thaobh na scoileanna de, an mbeadh siad in ann na scoláirí a láimhseáil? Ó thaobh an ionad sláinte de, an mbeadh sé in ann na hothair a láimhseáil? Ó thaobh na háiseanna spóirt, an mbeadh siad in ann déanamh le cúpla imreoir breise? An bhfuil na seirbhísí ar fáil do dhaonra níos mó? Is í an fhadhb is measa atá againn san áit ina bhfuilim féin i mo chónaí ná easpa daonra leis na seirbhísí seo a dhéanamh láidir agus le déanamh cinnte go bhfanfaidh na scoileanna ar oscailt seachas, mar atá in áiteanna eile, go bhfuil dlús daonra rómhór ag fás rósciobtha agus nach féidir scoileanna, cúram leanaí nó rud ar bith eile a fháil. Dá mba rud é go raibh breis daoine ann, an bhféadfadh an áit na daoine sin a láimhseáil? An cúnamh agus láidriú an phobail a bheadh i gceist?

Ag éirí as seo, ceapaim gur idea maith a bheadh ann go n-iarrfadh muid ar an ionad taighde atá againn féin anailís a dhéanamh. Istigh sa daonáireamh, tá liosta de chuid an Central Statistics Office, CSO, de bhailte agus lonnaíochtaí. Tá sainmhíniú ar an oifig air sin. Bheadh sé spéisiúil a fháil amach cé mhéad de na lonnaíochtaí oifigiúla atá ag an CSO sa Ghaeltacht - bheadh Carna, Cill Chiaráin, Corr na Móna agus mar sin de ann - nach bhfuil scéim shéarachais ar bith iontu.

Tá ceist amháin deiridh agam. An bhfuil an ceart agam go bhfuil pobal na bhfinnéithe agus go leor pobal Gaeltachta eile sáinnithe idir gan a bheith in ann cead pleanála a fháil do thithe tuaithe, go minic de bharr go bhfuiltear ag rá nach féidir córas uisce a chur ann, agus gan a bheith ábalta bogadh isteach sa mbaile beag in aice leo toisc nach bhfuil aon séarachais ansin ach oiread? An fadhb mhór é sin atá ag coinneáil na ceantair sin siar?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.