Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Fuíolluisce Poiblí sa Ghaeltacht: Plé

Ms M?ir?n N? Choisdealbha-Seoige:

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach. Ba mhaith le Forbairt Chonamara Láir Teoranta buíochas a ghabháil ar dtús leis an gcoiste as an deis an ngéarchéim sa chóras séarachais poiblí a fhorbairt i sráidbhailte Gaeltachta tuaithe, ní hamháin i gConamara láir ach i nGaeltachtaí ar fud na tire as Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, an Mhí, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus ar na hoileáin, a chur i láthair.

Tá coiste pobail Charna, Chill Chiaráin, Ros Muc, Chamuis, An Chaisil, Pobal Mhám Éan, Fóram lorras Aithneach, agus go leor eile, i mbun feachtais le blianta mar gheall ar an easpa maoinithe agus dea-thola chun infheistíocht a dhéanamh in infreastruchtúr bunúsach sa cheantair. D'fhoghlaim Forbairt Chonamara Láir Teoranta go tapa mar cheanneagraíocht pleanála teanga tríd an bpróiseas pleanála teanga an gá atá le hinfheistíocht ollmhór in infreastruchtúr bunúsach an cheantair má táimid dáiríre faoi dhul i ngleic le bánú na tuaithe sa Ghaeltacht. Gan daonra agus an t-infreastruchtúr cuí, ní bheidh aon phobal againn agus, mar thoradh air sin, beidh ár dteanga caillte go deo.

Le blianta beaga anuas, trí imní agus bród na n-oibrithe deonacha sa phobal, maoiníodh plean gnímh a chur le chéile le haird a tharraingt ar an anailís ar riachtanais le todhchaí limistéar Chonamara láir a chinntiú, ag díriú ar fhostaíocht agus ar fhorbairt fiontraíochta i gConamara láir, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Tá gach iarracht agus gach forbairt atá beartaithe ag brath ar an infreastruchtúr bunúsach seo sa cheantar. Chuir Forbairt Chonamara Láir Teoranta, le tacaíocht Údarás na Gaeltachta, tús leis an bhfeachtas Filleadh Abhaile ar na meáin shóisialta a bhí agus atá dírithe ar an diaspóra chun imircigh a mhealladh abhaile agus chun daoine a mhealladh le hathlonnú go Conamara láir. Tá ag éirí leis an bhfeachtas seo agus feicfimid daoine ag athlonnú go dtí an ceantar.

Gabhaimid buíochas leis an Rialtas as an scéim Croí Cónaithe. Faraor, is céim bheag amháin é seo chun dul i ngleic leis na ceisteanna tithíochta. Tá sráidbhailte i dtuath na Gaeltachta gan córas cóireála séarachais poiblí ag snámh in aghaidh easa chun ár ndaonra a chothú agus a mhéadú. Ar ndóigh, tá dochar breise ag baint leis seo ar fad sa phobail, go háirithe ar shaol na scoileanna Gaeltachta. Tá cúig scoil náisiúnta dúnta i gConamara láir le 30 bliain anuas agus faraor tá roinnt scoileanna eile i mbaol. Nuair a dhúnann scoil, ní féidir an mhuinín a bheith againn go n-osclóidh an scoil sin arís mura féidir linn méadú seasta a dhéanamh ar dhaonra an phobail tri infheistíocht a dhéanamh ar ár n-infreastruchtúr bunúsach.

Tá mé anseo inniu, mar oifigeach forbartha ar chomharchumann neamhbhrabúis forbairt pobail Gaeltachta, agus mar bhall de Chomhlachas na gComharchumann agus Comhlachtaí Pobalbhunaithe, CCPB, ag iarraidh go ndéanfar infheistíocht ollmhór leanúnach chun freastal ar riachtanais infreastruchtúr shráidbhailte tuaithe na Gaeltachta, chun ár bpobal a chothabháil agus a dheimhniú ar feadh na nglúine atá le teacht. Is rud é sin atá riachtanach má tá muid chun an Ghaeilge a shábháil agus a shealbhú mar phríomhtheanga náisiúnta s'againne. Iarraim go dtabharfar isteach an scéim caipitil agus infreastruchtúir na Gaeltachta arís agus go gceadófar clár maoinithe thar-rollta chun cabhrú linn dul i ngleic leis na dúshláin ollmhóra chun an Ghaeltacht a thabhairt slán. Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gcoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.