Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Fuíolluisce Poiblí sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá ceithre comhalta i láthair, Teachta agus Seanadóir san áireamh. Mar sin, is féidir linn an cruinniú a thosnú.

An t-ábhar atá á phlé inniu ná riachtanais bailithe agus cóireála fuíolluisce atá ag sráidbhailte agus lonnaíochtaí sa Ghaeltacht nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí fuíolluisce poiblí le gairid. Beidh sé á phlé le hionadaithe thar cheann Forbairt Chonamara Láir Teoranta. Leanfaidh an cruinniú ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Tá leithscéal faighte againn ó Chathaoirleach an choiste, an Teachta Aengus Ó Snodaigh. Cuirim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt ós ár gcomhair inniu, agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Mar ionadaithe thar cheann Forbairt Chonamara Láir Teoranta, cuirim fáilte roimh an t-oifigeach forbartha, Máirín Ní Choisdealbha-Seoige; comhalta den choiste bainistíochta, Tómas Ó hAllmhuráin; agus saoiste scéim sóisialta tuaithe, Julie Uí Chualáin.

Sula leanaimid ar aghaidh le breathnú ar ábhar na cruinnithe inniu, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha a leagann faoi bhráid na finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d'finnéithe agus bhaill foirne a cinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú seo go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe poiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal ar an gcruinniú, meabhraím dóibh gur chóir go mbeadh an físeán ar siúl an t-am ar fad agus gur féidir iad a fheiceáil ar an scáthlán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Ní mór a chinntiú de go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint. Ba chóir dúinn cloí leis na moltaí maidir le níochán láimhe, fanacht ar shuíochán amháin agus chomh fada is gur féidir, an t-achar sóisialta cuí a choinneáil eadrainn.

Cuirim ina luí ar na finnéithe go bhfuil siad, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Níl finnéithe in ann braith ar an gcosaint sin má tá siad á tabhairt ó thaobh amuigh. Molaim d’fhinnéithe, go mór mhór iad siúd atá ag freastal ar an gcruinniú lasmuigh, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaigh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh finnéithe leis an ordú sin láithreach.

Anois déanfaimid breathnú ar ábhar an chruinnithe seo. Iarraim anois ar an oifigeach forbartha, Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.