Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé

Mr. Alan Esslemont:

Sa bhfreagra atá ag an Rialtas don tuarascáil ag an gCoimisiún do Thodhchaí na Meán, deir sé gur cheart go mbeadh smacht iomlán eagarthóireachta ag TG4 ar an nuacht. Faoi láthair, is iad foireann RTÉ atá á cur ar fáil. Is é an chéad chéim a ghlacamar nó gur fhostaíomar Deirdre Ní Choistín mar cheannaire nuachta. Tá sí ag comhoibriú le RTÉ agus ag iarraidh an t-athrú seo a chur i bhfeidhm. Ba léir ón taighde a rinne Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil ardmheas ag an lucht féachana ar “Nuacht TG4” ach nach bhfuilimid ag déanamh ár ndóthain de agus ní seirbhís iomlán atá ann. Is é an nuacht an chéad áit chun seirbhís iomlán a cur ar fáil do gach duine. Is é seo an chéad áit a fhaigheann daoine an nuacht. Níl sé sin déanta againn. Is é an cur chuige atá ag Deirdre Ní Choistín sa chéad tréimhse ná comhoibriú le TG4, leis na fostaithe de chuid RTÉ, agus ag iarraidh rudaí a athrú de réir a chéile.

Luaigh an Teachta an t-athbhreithniú iomlán atá le déanamh ar na meáin. Sílim go dtiocfaidh moltaí as sin maidir le cur i bhfeidhm an smaoinimh seo i dtaca le smacht iomlán eagarthóireachta. Is é sin an bealach is fearr le rudaí a chur i bhfeidhm. Sílim gur chuir an coiste ceist orm cheana faoi seo.

Is é an rogha is fearr liom nó an maoiniú a fháil agus na daoine a bheith fostaithe againn féin. Bhunaíomar le teimpléad eile, is é sin uair an chloig sa lá ó RTÉ. B'fhéidir gurbh fhiú athbhreithniú a dhéanamh orainn mar chuid den athbhreithniú iomlán ar na meáin Ghaeilge agus breathnú arís ar an uair an chloig seo sa lá. Bhí sé sin lárnach lena dhéanamh cinnte de gur tháinig TG4-Teilifís na Gaeilge ar an aer. Ach tar éis 25 bliana nó 27 mbliana, ar cheart dúinn breathnú arís air sin? Is é an tuairim atá agam féin, mar ardbhainisteoir, ná gurbh fhearr linn ár gcuid acmhainní féin a bhainistiú, an nuacht san áireamh.

Ó thaobh úsáide Cúla4, is é an smaoineamh céanna a bhí agamsa go bhfuil an céatadán ag 44% ach cén fáth nach bhfuil sé ag 100%. Is é sin an aidhm atá againn. Beidh aighneacht réamhbhuiséid sa samhradh agus cuirfimid an-bhéim ar chúrsaí oideachais. Tá sé i gceist againn hub nua oideachais a chur ar bun. Idir sin agus Cúla4, sílim go mbeimid in ann seirbhís i bhfad níos fearr a chur ar fáil do na scoileanna. Is í an obair atá le déanamh againn leis sin ná margaíocht agus ag dul i dtreo na múinteoirí agus a dhéanamh cinnte de go bhfuil a fhios acu go bhfuilimid ann. Is minic, mar is múinteoir í mo bhean féin, a deirtí liom nár airigh siad faoi Cine4 ná faoi Cúla4. Tá obair mhór mhargaíochta le déanamh agus glacaim leis sin. Tá an aidhm céanna agamsa is atá luaite ag an Teachta mar ba cheart go mbeimid ag díriú ar úsáid 100% sna scoileanna. Creidim, maidir leis an ábhar atáimid ag cur ar fáil do pháistí, go bhfeiceann níos de pháistí na hÉireann ábhar Gaeilge closamhairc ná mar a fheiceann siad d’ábhar eile Béarla closamhairc atá déanta in Éirinn. Tá deis ollmhór ansin dá bharr teacht ar pháistí na hÉireann sa bhaile, atá an-tábhachtach do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge, agus chomh maith leis sin trí sna scoileanna agus sa chóras scoile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.