Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 February 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé
Ms Anna N? Ghallachair:
Agus "Foscadh". Tá siad uilig dochreidte maith. Tá súil agam go dtapóidh daoine an deis iad a fheiceáil. Tá "Foscadh" ar fáil ar an seinnteoir go ceann seachtaine eile ag an phointe seo. Is rud amháin é sin.
Maidir le cúrsaí teanga, mar a dúirt an Teachta, tá 212 teanga á labhairt ar thalamh na hÉireann faoi láthair. De ghnáth, nuair a bhíonn daoine ag déanamh suirbhé nó taighde ar bith faoi theangacha, bíonn an figiúr a thagann amach sa deireadh níos ísle ná an fíorfhigiúr. Tá ar a laghad 212 teanga á labhairt in Éirinn. Mar atá ráite agam, ón phíosa sin agus ón méid a tháinig amach sa daonáireamh in 2016 - mar atá a fhios ag an gcoiste, níl torthaí an daonáirimh is déanaí faighte againn go fóill - tá a fhios againn go bhfuil 714,000 duine in Éirinn a labhraíonn teanga seachas an Ghaeilge agus an Béarla sa bhaile. Is tír ilteangach muid. Go minic, smaoinímid orainn féin mar thír ina labhraítear an Béarla den chuid is mó agus, ansin, go labhraítear an Ghaeilge fosta in áiteanna agus pobail áirithe.
Tá sé tábhachtach teacht ar ais ag an phointe a d'ardaigh an Seanadóir Ward nuair a bhí sé ag caint faoin phobal amuigh i nDún Laoghaire. Mar atá a fhios againn, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na nGaelscoileanna sa tír. Tá toradh na hoibre sin le feiceáil anois agus is ag dul i méid a bheidh sé, rud a chiallaíonn go mbeidh pobal ann taobh amuigh den Ghaeltacht a thuigeann cúrsaí Gaeilge go maith agus a bhfuil suim sa Ghaeilge agus dílseacht di acu fosta. Is ag dul i méid atá agus a bheidh sé sin de réir mar atá an t-am ag dul ar aghaidh. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid freastal ar na daoine sin chomh maith le muintir na Gaeltachta taobh amuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht.
Maidir le cúrsaí nuachta, ní rabhamar ró-shásta leis an gcclár nuachta a bhí ann, go raibh easpa téagair ann go pointe áirithe ach ní ar TG4 a bhí an locht faoi sin. Rinneamar ár ndícheall leis na laincisí a bhí ann. Tá athrú suntasach i gceist ansin agus b'fhéidir go labhróidh an t-ard-stiúrthóir go díreach faoi sin agus faoi céard atá i gceist agus a bheidh i gceist leis sin.
No comments