Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé

Mr. Alan Esslemont:

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gcoiste as an gcuireadh teacht chun labhairt inniu. Ba mhaith linn buíochas ó chroí freisin a ghlacadh leis an gcoiste as an taca láidir a léirigh an coiste do TG4 agus dár bhfís, "Fís TG4 tar éis Covid". Go háirithe ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus leis an Rialtas as a dtacaíocht thar na trí cháinaisnéis deiridh. Mar sin féin, tá TG4 fós i bhfad chun deiridh ar chraoltóirí mionteangacha Eorpacha eile ó thaobh maoinithe agus scála de, ar nós S4C sa Bhreatain Bheag nó EITB i dTír na mBascach. Is é S4C an cainéal mionteanga is cosúla le TG4 ach tá a bhuiséad iomlán faoi dhó níos mó ná buiséad TG4. Ina dtuarascáil, déanann an Coimisiún um Thodhchaí na Meáin moladh gur cheart na meáin seirbhíse poiblí a shainmhíniú mar “ghné chinniúnach den bhonneagar poiblí” nó "critical public infrastructure" agus tá an-áthas orainn gur ghlac an Rialtas leis an moladh seo. Creideann muidne go bhfuil na meáin Ghaeilge mar bhonneagar criticiúil poiblí do thodhchaí na Gaeilge.

Ainneoin a seasamh bunreachtúil, feidhmíonn an Ghaeilge mar mhionteanga agus, cosúil le gach mionteanga, tá sí i mbaol language shift nó athrú teanga, an próiseas trína n-aistríonn pobal labhartha teanga ó theanga amháin go dtí teanga eile. I gcomhthéacs athrú teanga, rangaíonn UNESCO anois an Ghaeilge mar theanga atá definitely endangered. Léiríonn eolaíocht teanga dúinn gur féidir dul i ngleic le hathrú teanga. Ní mór straitéisí bainistiú nó pleanáil teanga a úsáid le brí agus le fuinneamh i dtrí réimse chun tacú leis seo. Is iad na réimsí seo ná bainistíocht ar chorpas teanga, bainistíocht ar shealbhú teanga agus bainistíocht ar stádas teanga. Creideann muid, inár ndomhan digiteach agus comhnasctha, go bhfuil ról an-tábhachtach ag TG4 sna trí réimse seo, go háirithe i bhforbairt bhainistíocht stádais don Ghaeilge. Tá sé sin feicthe againn leis an moladh atá tugtha do "An Cailín Ciúin". Is gné lárnach agus criticiúil iad na meáin Ghaeilge sa chomhrac in aghaidh athrú teanga.

I mbliana, i gcomhthéacs “Fís TG4 tar éis Covid”, beidh TG4 ag cur aighneacht réamh-cháinaisnéis eile ag an Roinn agus ag an Rialtas. Leanfaidh muid leis an mbéim atá muid ag cur ar ábhar siamsúil don óige. Freisin beidh muid ag moladh forbairt shuntasach a dhéanamh ar an ábhar oideachasúil atá TG4 ag cur ar fáil do na scoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna. Molfaidh muid go mbeidh ábhar físe nua ann do na scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge, chomh maith le hábhar físe nua do scoileanna atá ag múineadh na Gaeilge mar dara teanga. Chuirfeadh muid fáilte roimh an deis tuilleadh eolais a thabhairt don chomhchoiste nuair a fhoilseofar an aighneacht réamh-cháinaisnéis an samhradh seo.

Creideann muid freisin gur féidir leis an gcomhchoiste seo a bheith lárnach i gcur chun cinn dhá thionscnamh reachtaíochta atá, dar linne, an-tábhachtach don Ghaeilge agus don earnáil chlosamhairc Ghaeilge. An chéad cheann ná go mbeidh deireadh leis an gcreidmheas cánach réigiúnach section 481 ag deireadh na bliana seo. Cé go n-aithníonn muid nach bhfuil aon tiomantas tugtha ag an Rialtas do thacú le leanúint den ardú réigiúnach section 481 théis dheireadh 2023, creideann muid go bhfuil cás teanga ar leith ann, chomh maith le hargóint eacnamaíoch agus chultúrtha, chun tacú go sonrach le hardú alt 481 don Ghaeltacht. Tá páipéar curtha ar fáil againn don chomhchoiste a mhíníonn ár gcás agus bheinn an-sásta é sin a phlé leis an gcoiste.

Luaim an tionscnamh eile seo a leanas. Faoi rialacha an Aontais Eorpaigh, tugtar cead do na ballstáit imeachtaí spóirt agus imeachtaí cultúir áirithe a ainmniú mar imeachtaí atá fíorthábhachtach don tsochaí; sin na rialacha do designation of major events. Ceadaítear do na ballstáit a chinntiú go ndéantar na himeachtaí seo a shaorchraoladh ar an teilifís. Déantar athbhreithniú ar an liosta gach trí bliana. Creideann TG4 gur cheart gur cheart go mbeadh cúinsí teanga agus cúinsí stádais teanga san áireamh sa chéad liosta eile agus gur cheart go mbeadh leithéidí na cluichí ceannais craoibhe sinsir CLG ar fáil beo i nGaeilge leis an leibhéal céanna léiriúcháin agus a chuirtear ar fáil don léiriúchán i mBéarla.

Arís, bheinn an-sásta labhairt leis an gcoiste faoi sin. Cuirfidh an bheirt againn fáilte roimh cheisteanna agus roimh mholtaí na mball.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.