Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé

Ms Anna N? Ghallachair:

Ar dtús, sula dtosaimíd, guím beannachtaí na Féile Bríde oraibh ar fad.

Is iad seo na rudaí gur mhaith liom a rá inniu. Is maith is cuimhin linn uilig an oíche a dtáinig TG4 ar an tsaol. Oíche Shamhna 1996 a bhí ann nuair a lasadh tine an dóchais i gcroíthe na daoine a bhí báúil leis an Ghaeilge, ba chuma ar chainteoirí ó dhúchas nó cainteoirí cumasacha iad, taobh amuigh nó taobh istigh den Ghaeltacht, foghlaimeoirí óga ag streachailt ar an scoil leis an teanga a thabhairt leo, nó daoine fásta a raibh díomá agus náire orthu nach raibh siad in ann “a dteanga féin”, mar a thugann siad uirthi, a labhairt. Ócáid speisialta a bhí ann; ócáid spleodrach nua-aimseartha uaillmhianach a bhí inchurtha le rud ar bith ar an stáisiún ba shaibhre ar domhan, ina raibh óige na hÉireann chun tosaigh. Go dtí an lá inniu, is iomaí duine, go háirithe foghlaimeoirí Gaeilge, a déarfadh gurb é bunú Theilifís na Gaeilge an gníomh ba thábhachtaí i slánú na Gaeilge ó bhunú an Stáit.

Ní raibh an bóthar a bhí roimh an stáisiún gan chastaí áfach. Ní ligeadh an buiséad don fheidhmeannas leagan amach an chéad oíche sin a leanúint agus rinneadh cinntí díriú isteach ar ábhar nideoige a bhí, agus atá go fóill, ar ard-chaighdeán. Smaoiním go háirithe ar na cláracha faisnéise, ar chláracha na bpáistí, ar na cláracha spóirt, ar an sobaldráma a thugann léiriú ar shaol na Gaeltachta, agus ar an tionscal dúchasach closamhairc a d’fhás aníos le freastal ar an treo sin. Coinníonn an ganntanas airgid srian ar an uaillmhian ach níor phlúch sé í.

Ag teacht le spriocanna na seirbhíse craoltóireachta poiblí, comhlíonann an stáisiún a chuid dualgais uilig maidir le eolas, oideachas agus siamsa a chur ar fáil do phobal na hÉireann; féiniúlacht agus ilchineálacht na sochaí a léiriú; cultúr, spórt agus teanga nó teangacha na hÉireann a chur chun tosaigh; guth a thabhairt do réimse leathan léargais; agus tuairimí agus cuntas a iarraidh orthu siúd a bhfuil an chumhacht acu sa tír.

Tá tagairt déanta do na craoltaí faisnéise. Ina dteannta siúd, tá foinse leitheadach ábhar foghlama ar fáil ar shuíomh an stáisiúin a chuimsíonn gach leibhéal ón bhunscoil go dtí an tríú leibhéal. Tá raon leathan ábhar siamsaíochta á chraoladh ar TG4; drámaí, scannáin, ceol traidisiúnta agus ceol tíre, damhsa, gan ach cúpla rud a lua. Ar ndóigh, níor chóir dearmad a dhéanamh de Ghradam Ceoil TG4 a aithníonn agus a spreagann plúr na gceoltóirí ar bhonn bliantúil, ócáid fíorthábhachtach i bhféilire an cheoltóra, ná dearmad a dhéanamh ar an chraoladh ar Oireachtas na Gaeilge an áit a dtéann go leor de mhórcheoltóirí an ama atá le theacht ar stáitse don chéad uair.

D'éirigh le TG4 go leor oibre a dhéanamh maidir le súil eile ar an tsaol agus ar an tsochaí a léiriú. Tugtar léargas ar an tsaol taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, rud atá iontach tábhachtach agus a thaitníonn go mór leis na hÉireannaigh nua go háirithe. Freagraíonn na cláracha a thugtar isteach ó thíortha eile, cuid acu dubáilte agus cuid eile le fotheidil, do ilchineálacht na tíre. Sa daonáireamh deireanach, rinneadh cur síos ar 212 teanga ar thalamh na hÉireann agus tuairiscíodh go raibh os cionn 612,000 duine, nó os cionn 13% den daonra, a labhraíonn teanga seachas an Ghaeilge nó an Béarla sa bhaile. Mar bhallstát ilteangach den Aontas Eorpach, ba mhaith liomsa go mbeadh na hacmhainní againn tógáil ar an ghné seo den obair. Cuireann saineolas ó thíortha nach tíortha an Bhéarla iad go mór le cláracha faisnéise fosta. Cuidíonn sé go mór le gné na súile eile.

Ní gá a rá go leagtar béim ar leith ar chúrsaí spóirt ar TG4 agus ar an ilchineálacht sa réimse seo, cluichí Chumann Lúthchleas Gael, leadóg, rugbaí agus an Tour de France ina measc. Tagann an ilchineálacht sin leis an ilchineálacht sna réimsí eile.

Ar ndóigh, tá an Ghaeilge i gcroílár na hoibre. Ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn ag mionteangacha ná laghdú fearann nó “domain shrinkage” mar a thugtar sa Bhéarla air, nuair nach gcruthaítear nó nach n-úsáidtear sa mhionteanga an téarmaíocht a bhaineann le gnéithe nua-aimseartha den tsaol. Is rud é seo atá le sárú fiú sna mórtheangacha anois, a bhuí do fhorlámhas an Bhéarla. Sa lá atá inniu ann, is ó na meáin a thagann an chuid is mó den téarmaíocht úr anuas chugainn. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeidh an téarmaíocht sin le cloisteáil go rialta i nGaeilge agus déanann TG4 cuid mhór le dul i ngleic leis an dúshlán seo.

Tá ról eile ag an chraoladh trí mheán na Gaeilge i sochtheangeolaíocht na teanga. Le tuairim is 30 bliain anuas, tá taighdeoirí, agus smaoiním ar obair an ollaimh emeritus Phádraig Ó Riagáin ach go háirithe, ag tabhairt le fios gurb é ceann de na deacrachtaí is mó maidir le buanú na Gaeilge ná an easpa deiseanna an teanga a chleachtadh taobh amuigh den scoil. Cé nach gcruthaíonn craoladh na Gaeilge deiseanna díreacha labhartha, cruthaíonn sé deiseanna clostuisceana chomh maith le taithí ar réimeanna agus canúintí eile Gaeilge.

Cuireann na cláracha cúrsaí reatha réimse leathan léargas ar fáil dúinn. Ba chóir go ndéanfadh an clár nuachta an rud céanna. Tá ár gcéad cheannaire nuachta agus cúrsaí reatha ceaptha anois agus tá muid ag tnúth leis an neamhspleáchas agus leis an iolrachas a bhaint amach inár seirbhís nuachta mar atá molta ag Coimisiún um Thodhchaí na Meán.

Maidir leis an ghlacadh atá leis seo uilig, tá muid iontach bródúil as an méid atá bainte amach againn le cúpla bliain anuas. Sa chraoltóireacht líneach, tá dul chun cinn seasta déanta againn ar ár sciar den lucht féachana agus, sna meáin neamhlíneacha, tá dhá ardán nuathógtha againn, BLOC agus MOLSCÉAL, agus tá pearsantacht thaitneamhach aitheanta forbartha ag TG4 ar Twitter. Mar atá ráite, tá ábhar Cúla4 á chur ar fáil againn mar acmhainn luachmhar Ghaeilge do scoileanna agus, sa tsuirbhé deireanach a rinne muid, tá 44% de mhúinteoirí bunscoile iomlána na tíre ag baint úsáide as Cúla4 nó as seinnteoir TG4 sa seomra ranga.

Bunaíodh Cine4 in 2017 “le deis a thabhairt do 'genius' cruthaitheach na Gaeilge teacht faoi bhláth” mar a scríobh an tard-stiúrthóir in iris Comhari mí na Samhna na bliana sin. Le tacaíocht láidir ó Screen Ireland Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann, BAI, tá fíorú na físe sin tar éis ár dtír, ár dteanga agus scéal ár ndaoine a thabhairt isteach i bpictiúrlanna ar fud an domhain. Tá an scannán an-speisialta, “An Cailín Ciúin” roghnaithe do ghearrliosta Oscar don 5 scannán idirnáisiúnta is fearr in 2022 agus is éacht iontach é seo do scannán fada Gaeilge a rinneadh ar bhuiséad beag.

Seolfaidh TG4 cainéal Cúla4 i mí Meán Fómhair seo chugainn, togra a chuirfidh go mór le normalú ábhar Gaeilge do pháistí in Éirinn. Tá i bhfad níos mó infheistíochta ag teastáil áfach. San áireamh tá infheistíocht i ndrámaíocht Ghaeilge do lucht féachana níos óige agus mol oideachais nua le hábhar a chuideoidh agus a thabharfaidh tacaíocht do mhúinteoirí a mhúineann an Ghaeilge nó a mhúineann trí mheán na Gaeilge.

Is é moladh 7-2 ón Choimisiún um Thodhchaí na Meán ná ba chóir don BAI, nó do Choimisiún na Meán:

athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus ábhair Ghaeilge ar fud chóras na meán ina leagfar béim ar struchtúir institiúideacha agus deiseanna maidir le nuálaíocht agus comhoibriú... Ba chóir go mbeadh moltaí san athbhreithniú seo, atá le tabhairt chun críche laistigh de 18 mí, maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge a fheabhsú.

Molann TG4 go láidir go ndéanfaí an t-athbhreithniú cuimsitheach seo go tráthúil ag toiseacht go luath in 2023 agus go ndéanfaí an t-athbhreithniú a fhrámú i gcomhthéacs straitéisí eolaíochta teanga agus pleanála teanga a bhfuil sé mar aidhm acu cur in aghaidh athrú teanga agus ár dtimpeallacht éagsúlachta teanga in Éirinn a chaomhnú don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, as mé a ainmniú mar chathaoirleach ar TG4. Is onóir agus pribhléid é agus bhéarfaidh mé faoi mo chuid cúramaí agus mo chuid oibre leis an bhord agus leis an fheidhmeannas le fonn, le díograis, le tuiscint agus le huaillmhian. Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach agus le baill an chomhchoiste as a n-éisteacht agus as a dtacaíocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.