Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 December 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Staid Reatha na hEarnála Léiriúcháin Gaeilge: Plé
Mr. Irial Mac Murch?:
Tiocfaidh mé go dtí na buntáistí gnó i gceann soicind ach mar dhuine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht, go n-iarrtaí orainn mar pháistí i gcónaí "Cad é an Béarla ar d'ainm", samhlaigh dá mbuafadh scannán Gaelainne gradam den saghas seo ag na Oscars. Ó thaobh stádas agus áit na teanga sa saol chomhaimseartha agus i sochaí na hÉireann, ní fhéadfá luach a chur air sin. Éacht dochreidte a bheadh ann.
Conas a tháinig sé chomh fada seo? Cabhraíonn sé go mór linn go bhfuil an pobal féachana ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain imithe i dtaithí anois ar féachaint ar scannáin nach bhfuil déanta i mBéarla. Mar shampla, má théitear ar cheann de na comhlachtaí móra sruthú, ar nós Amazon Prime, Apple TV, Netflix nó aon cheann acu seo, tá na scannáin ó thíortha ar fud an domhain ann le fotheidil orthu. Go tobann, nuair a chuaigh daoine i dtaithí air sin ní raibh na scannáin Gaelainne amuigh sa bhfuacht a thuilleadh; thuig daoine ansin go bhféadfaidís féachaint ar agus taitneamh a bhaint as scannáin Gaelainne agus fós a bheith ábalta iad a leanúint. Tá sé sin tar éis an teanga a thabhairt thar n-ais i lár an aonaigh. Ní raibh aon easpa scannáin mhaithe riamh i nGaelainn, nó ní raibh aon easpa cruthaíochta nó scéalaíochta. Tugann sé seo isteach i lár an aonaigh na scannáin Ghaelainne.
Tugann sé sin mé go dtí an tríú ghné den cheist, is é sin an infheistíocht gnó. Ní bheadh scáthanna eagla ar éinne anois a thuilleadh dul isteach go dtí aon áis iontach maoinithe agus a rá go mbeidh a scannán as Gaelainn. Fadó, bheifeá ag cur amú do chuid ama ach anois táthar ar chomhchéim le haon teanga eile ag siúl isteach ag lorg conradh, coimisiún nó maoiniú i gcomhar chlár Gaelainne. Sin an difríocht is mó.
No comments