Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 December 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Staid Reatha na hEarnála Léiriúcháin Gaeilge: Plé
Mr. Irial Mac Murch?:
Cinnte. Is mó clár a dhéanann na comhlachtaí Gaeltachta do RTÉ. I mo chomhlacht féin, mar shampla, déanaimid sraith 20 clár in aghaidh na bliana dóibh le Dáithí Ó Sé, “Seal le Dáithí”, agus tagann sé sin go díreach faoi choimisiún ó RTÉ do TG4. Chomh maith leis sin, tá dualgas reachtúil ar RTÉ líon áirithe cláracha Gaelainne a dhéanamh in aghaidh na bliana. Bíodh is go bhfuil feabhas tagtha air sin le blianta beaga anuas, níl an dualgas sin bainte amach acu go fóill. Rud amháin a d’fhéadfaimis go léir a dhéanamh ná iad a spreagadh chun an dualgas reachtúil sin a chomhlíonadh. Ní féidir leis na comhlachtaí Gaeltachta iad féin a dhúnadh isteach mar léiritheoirí do TG4 amháin. Níl sé chomh simplí leis sin. Más comhlacht léiriúcháin atá agat agus más é an gnó atá agat ná bheith ag léiriú cláracha, ní féidir cad é a dhéanann agus nach ndéanann tú a roghnú nó fágfar amuigh sa bhfuacht ar fad tú muna bhfaigheann tú coimisiún ag tráth áirithe den bhliain ó chraoltóir amháin nó craoltóir eile.
Ba mhaith liom teacht thar n-ais chuig an gceist a bhí ag an Teachta roimhe sin. Baineann sé leis na tacaíochta maoinithe agus an fhorbairt á bplé anseo. Chun freagra cuimsitheach a thabhairt ar an gceist sin, caithfimid dul siar céim nó dhó le féachaint cad as a bhfuil an earnáil neamhspleách ag teacht sa Ghaeltacht agus in earnáil na Gaelainne. Ní raibh aon earnáil neamhspleách in Éirinn i lár na 1990idí nuair a bunaíodh TG4 agus an t-aonad coimisiúnú in RTÉ; sé sin an Independent Productions Unit, IPU. Ag an am sin, bhí saghas misean againn go léir sa Ghaeltacht, ag na daoine ar chomhaois liom féin a tháinig isteach sa tionscadal mar dhaoine óga soineanta is dócha. Bhí sé mar aidhm againn a bheith inár gcnámh droma don ré nua teilifíse Gaelainne seo agus is é sin go príomha cad atá déanta ag cuid mhaith do mo chomhghleacaithe. An fáth go bhfuil an riachtanas mór seo ag teacht anois ar son breis tacaíochta san earnáil, ná go bhfuil beagnach 30 bliain caite againne ag léiriú cláracha agus ag obair de ló agus d’oíche ag feidhmiú mar léiritheoirí, stiúrthóirí agus eagarthóirí, ach anuas air sin, mar chuntasóirí, dhlíodóirí agus mar fheidhmeannaigh acmhainní daonna agus muid ag déanamh gach uile rud sa chomhlacht. Bíodh is go n-oibríonn sé sin ag leibhéil áirithe, ní réiteach fadtéarmach é mar ní féidir a bheith ag déanamh cláracha agus ag fás na hearnála ag an am céanna. Ag an bpointe ag a bhfuilimid anois, tá gá le daoine nua ag teacht isteach sa tionscadal díreach chun fuil nua cruthaitheach a thabhairt don earnáil. Chomh maith leis sin, mar gheall go bhfuil an maoiniú breise seo go léir tagtha go TG4 le cúpla bliain anuas, agus tá an earnáil ar fad an-bhuíoch as an tacaíocht bhreise seo, caithfidh an earnáil fás chun freastal ar na riachtanais seo ar fad atá ann. Chun gur féidir léi fás níos mó agus cláracha as Gaelainn níos fearr a dhéanamh, tá gá tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil do na comhlachtaí le cur ar a gcumas fás agus forbairt a dhéanamh agus daoine nua a fháil isteach. Chun é sin a dhéanamh, is gá tacaíocht den tsaghas nach raibh ar fáil go dtí seo, b’fhéidir, a chur ar fáil. Bhí carn tacaíochta i gcónaí ann ó Údarás na Gaeltachta agus ó Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheisceart; oibrímid féin leo le fada an lá. Bhí tacaíocht i gcónaí ann chun na scileanna teicniúla agus cruthaitheach a chur ar fáil. Tá fíorthacaíocht ag teastáil anois chun na scileanna gnó a fhorbairt le gur féidir leis na comhlachtaí agus na fréabha féachaint ar a ngnó mar ghnó agus ní mar dhéantóir cláracha go díreach. Go dtí go ndéantar sin, ní féidir cur le méid agus scála an chomhlachta agus na hearnála. Is gá tú féin a tharraingt amach as an obair laethúil agus féachaint ar chinntí straitéise, ar mholtaí forbartha agus féachaint cad a thagann nuair a bheidh deireadh le ré áirithe. Bíonn deireadh le ré i gcónaí i ngach comhlacht. Chuige sin, tá na moltaí praiticiúla atáimid ag caint orthu cosúil le forbairt na scileanna sin, mar aon leis na scileanna cruthaitheachta agus scileanna os comhar an scáileán ag teastáil. Labharamar faoi na scannáin iontacha go dtí seo mar aon leis na daoine iontacha a bhíonn ar na cláracha faisnéise agus siamsaíochta. Is gá go mbeadh comhdhlúthú ann agus go dtiocfadh said go léir lena chéile chun go gcuirfí breis gaoithe i seolta an tionscadail. Leis na tacaíochtaí praiticiúla seo, beifí in ann an tionscadal a thógaint chuig an gcéad leibhéil eile agus dul in iomaíocht go dáiríre ag leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta.
No comments