Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 1 December 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as cuireadh a thabhairt dom teacht os a gcomhair inniu chun labhairt faoi chistíocht na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar is eol dóibh, tá sé mar chuspóir ag mo Roinn tacú leis an nGaeilge trí chéile agus le húsáid na Gaeilge a chothú mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta.

Is tríd cúram a dhéanamh de chur i bhfeidhm leanúnach an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge atá mar thaca d’fhorfheidhmiú an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge a ndéantar an cuspóir sin a fhíorú. In éindí le bheith freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an phlean gníomhaíochta ar bhonn tras-Rialtais, déanann mo Roinn raon leathan de chláir oibre, scéimeanna, tograí agus tionscnaimh a riar ar bhonn díreach, ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Comhthreomhar leis an obair sin uile, oibríonn mo Roinn go dlúth i rith an ama le forais eile Stáit, go háirithe Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chun tacú leo a gcuid cláir oibre féin a fheidhmiú ar leas foriomlán na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Mar léiriú eile ar thiomantas an Rialtais i dtaca leis an dea-obair uile atá á déanamh sa réimse seo, dhíreoinn aird an choiste ar an gcistíocht méadaithe de €94.2 milliún atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don bhliain seo chugainn i mbuiséad 2023. Is ionann sin agus €8.5 milliún de mhaoiniú breise do chláir Ghaeilge agus Ghaeltachta sa bhliain amach romhainn. Ina theannta sin, tá maoiniú méadaithe á chur ar fáil do TG4, rud a chabhróidh chun an Ghaeilge a dhaingniú mar theanga phobail i gceantair Ghaeltachta, agus chun í a chur á labhairt ar fud na hÉireann trí chéile. Nuair a fhéachtar air sin, léiríonn buiséad 2023 cur chuige tomhaiste agus spriocdhírithe i leith tacú lenár n-earnálacha tábhachtacha sa bhliain atá romhainn.

De thoradh an chiste bhreise do chlár C, beidh €1 milliún de leithdháileadh tosaigh 2023 chun dlús a chur le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 d’fhonn spriocanna uaillmhianacha an Achta a bhaint amach. Beidh €1.75 milliún de leithdháileadh breise do scéimeanna tacaíochta Gaeilge na Roinne, ag tacú le cur i bhfeidhm an phlean dhigitigh don Ghaeilge agus straitéis do na healaíona teangabhunaithe atá le teacht. Beidh €2.5 milliún de mhaoiniú breise do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta na Roinne a úsáidfear do thionscnaimh éagsúla, lena n-áirítear tacaíocht bhreise a sholáthar d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge agus chun bearta cuimsithe sóisialta a bhaineann leis an teanga a leathnú. Beidh €400,000 chun próiseas tástála Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG, d’inniúlacht sa Ghaeilge a leathnú, chun freastal ar mhéadú ar an úsáid a bhaintear as TEG mar chuid d’oiliúint fheabhsaithe sa Ghaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Beidh os cionn €300,000 chun scéim intéirneachtaí an Aontais Eorpaigh a leathnú chun cumas i sainranna teangeolaíochta a fheabhsú. Leathnú ar an scéim chun ateangaireacht chomhdhála a chuimsiú ann le cinntiú go gcoimeádfaidh an Ghaeilge a seasamh láidir mar theanga oifigiúil an Aontais. Beidh €1.3 milliún san iomlán de mhaoiniú méadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge d’obair na n-eagraíochtaí seo a thacaíonn le hearnálacha phobal na Gaeltachta agus na foilsitheoireachta Gaeilge faoi seach. Beidh €0.75 milliún breise don phróiseas reachtúil pleanála teanga.

Cabhróidh an ciste breise sin le tuilleadh dlús agus treisiú a chur le feidhmiú an phlean gníomhaíochta agus an raon bearta atá leagtha amach ann mar bhonnlíne gníomhaíochtaí. Ag croílár na hoibre amach romhainn, tá agus beidh feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a thagann faoi scáth réimse gnímh faoi leith sa phlean sin. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe curtha ar fáil do chainteoirí Gaeilge go céimiúil agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú do lucht labhartha na Gaeilge.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, cabhróidh an t-ardú a luaigh mé le cur ar a chumas fiontraíocht a chothú tuilleadh sna réigiúin Ghaeltachta, agus a straitéis cúig bliana a chur i bhfeidhm. Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Cé go raibh dúshláin faoi leith ann le trí bliana anuas, tá dóchas romhainn ag bun na spéire. Mar Aire Stáit atá freagrach as an nGaeltacht, táim ag súil go mór le bheith in ann leanúint orm ag cur lena bhfuil bainte amach ar leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.