Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 1 December 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táimid ag déileáil le Meastacháin Fhorlíontacha le haghaidh seirbhísí poiblí 2022, Vóta 33, Clár C, don Ghaeltacht. Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí go bhfuilimid críochnaithe - roimh 2 p.m. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus roimh na hoifigigh Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge, agus Joe Healy, príomhoifigeach airgeadais. Is comhalta ex officioden roghchoiste an tAire Stáit agus mar sin cuirfear é san áireamh an chóraim agus ar an liosta vótála. Iarraim ar chomhaltaí agus fhinnéithe a bhfóin phóca a mhúchadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.