Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascálacha an Choimisinéara Teanga agus Cur Chun Cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí: Plé

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Sin a dheireann tuismitheoirí a thagann chugainne ag déanamh gearán faoi seo. Tá dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais faoin Acht Oideachais, 1998 féachaint ar mhianta thuismitheoirí ar mian leo go gcuirfear oideachas trí Ghaeilge ar fáil. Rinne muid imscrúdú ar an bpróiseas pátrúnachta a bhí acu do bhunscoileanna roinnt bhlianta ó shin. Bhí próiseas pátrúnachta acu inar léirigh tuismitheoirí spéise nuair a bhí bunscoil nua á tógáil. Ní raibh aon chritéir leagtha síos go sonrach faoi cheist na teanga. Mar shampla, níor fiafraíodh díobh ar mhaith leo go mbeadh an scoil ag feidhmiú trí Ghaeilge. Rinneadh imscrúdú agus fuarthas go raibh an Roinn Oideachais ag sárú na reachtaíochta agus ansin thug sé córas nua i bhfeidhm do bhunscoileanna. Nuair atá scoil nua á tógáil i limistéir pleanála scoile, nach bhfuil Gaelscoil sa gceantar sin, de factois Gaelscoil a bheas ann amach anseo sa limistéir pleanála sin.

Nuair a bhogann sé sin ar aghaidh go dtí an próiseas iar-bhunscoile ag an dara leibhéal, ceann de na bealaí atá ag an Roinn Oideachais le freastail ar an riachtanas ná trí aonaid lán-Ghaeilge a bhunú i scoileanna dara leibhéal atá ag feidhmiú trí Bhéarla. Beagnach chuile dhream go labhraíonn muidne leo air seo, is é seo na saineolaithe, deir siad nach bhfuil siad sásta leis an gcóras sin. Deir siad nach n-oibríonn an chórais sin agus go bhfuil páistí ag dul ó chúlra lán-Ghaeilge isteach go scoil atá ag feidhmiú i mBéarla seachas an t-aonad seo atá ag feidhmiú trí Ghaeilge. Go minic ní bhíonn na hábhair ar fad ar fáil i nGaeilge ach an oiread; b'fhéidir nach bhfuil ach trí nó ceithre ábhair ann.

Sin gearán a thagann chugainn go rialta. An cheist atá agamsa mar Choimisinéir Teanga a chaitheadh mise breathnú air agus a d'fhéadfadh go mbeadh muid ag breathnú air amach anseo ná féachaint ar an dualgas reachtúil. An bhfuil an dualgas reachtúil á shásamh nó nach bhfuil? Níl imscrúdú déanta agam air sin fós mar sin caithfidh mé a bheith cinnte nach dtugaim aon réamhbhreithiúnas. Arís, is ceist oscailte é sin a d'fhéadfaí breathnú air; an bhfuil an dualgas reachtúil á shásamh? Bíodh sé á shásamh nó nach mbíodh sé á shásamh, is léir go bhfuil fadhb mhór ann. Ní dhéanann sé aon chiall go bhfuil go leor daoine ag fáil oideachais lán-Ghaeilge sa mbunscoil agus ansin go socraíonn siad gan leanúint ar aghaidh leis. Tá fadhb mhór ansin. Má táimid ag iarraidh dul i ngleic le ceist na hearcaíochta agus má táimid ag iarraidh cúrsa tríú leibhéal a chur ar fáil, caithimid a chinntiú go bhfuil go leor daoine sa dara leibhéal le dul isteach sna cúrsaí sin freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.