Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Bhuel, tá siad á gcur ar fáil againne. Tugadh sampla ansin maidir le Tigh Uí Chatháin agus ansin Ballyferriter. Tá Ballyferriter le fáil in ordú logainmneacha ó 2004 ar aghaidh mar “Baile an Fheirtéaraigh” agus níl aon neart againn ar an rud.

Caithfidh mé é a shoiléiriú, b'fhéidir, nach bhfuil aon nasc foirmiúil againn ar chor ar bith le GeoDirectory de chuid An Phoist. Is taighdeoirí muidne agus bímid ag déanamh taighde ar logainmneacha agus sin é. Nuair a bhíonn an taighde sin déanta, cuirtear é faoi bhráid an choiste logainmneacha agus ansin bíonn na céimeanna ann chun cur leis na logainmneacha a rith, agus a leithéid.

Maidir le sráidainmneacha, is amhlaidh go bhfuil an scéal difriúil sa dóigh is nach bhfuilimid freagrach ar chor ar bith as sráidainmneacha. Mar atá scríofa sa leabhrán "Sráidainmneacha Treoirlínte / Streetnames Guidelines", bímid ar fáil do na comhairlí áitiúla má bhíonn comhairle ag teastáil uathu. Sa dóigh sin bhí scéim ann idir 2004 agus 2009 nó 2010. Ag an am sin bhí GeoDirectory agus SOÉ páirteach sa scéim agus ghlac deich n-údarás áitiúila páirt sa scéim sin fosta. Rinneamar na sráidainmneacha a chaighdeánú iontu siúd agus aontaíodh na leaganacha Gaeilge leis na húdaráis áitiúla. Tá siad le fáil ar logainm.iefosta.

Sa mhullach air sin, bíonn comhairlí áitiúla i dteagmháil linn uaireanta chun comhairle a fháil uainn. Nuair a bhíonn leagan Gaeilge aontaithe againne ansin, cuirimid é sin ar logainm.iefosta. Ní bhíonn na comhairlí áitiúla i dteagmháil linn i gcónaí agus is í sin an fhadhb. Níl aon iachall orthu é sin a dhéanamh ach an oiread.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil bearnaí ar logainm.ie. Ní fhaighimid na leaganacha Gaeilge ó na húdaráis áitiúla agus dá bharr sin tá na bearnaí ann. Tá an Roinn ag iarraidh na bearnaí sin a líonadh fosta. Tá scéim ar siúl lenár gcomhghleacaithe ag logainm.iei DCU chun leaganacha Gaeilge de na sráidainmneacha sin a aimsiú. Uaireanta bíonn siad ar fáil ar ainmchláir agus a leithéidí. Tá ár gcomhghleacaithe ag iarraidh na hainmneacha a bhailiú le chéile agus ansin tabharfar faoinár mbráid iad. Níl foireann againn chun é a phlé i láthair na huaire, ach tá súil agam go mbeidh foireann ann go luath. Ansin beidh orainn dul i dteagmháil leis na húdaráis áitiúla chun an imprimatur a fháil uathu mar is leosan atá an t-údarás chun na hainmneacha Gaelacha agus Béarla a bhaisteadh agus a shocrú. Tá bearnaí sa chóras logainm.ie, ach tá sé díreach ann mar áis don phobal mar sin is cineál taiscumar é.

Nuair a bhaineann sé le bailte fearainn agus a leithéid, is rud eile ar fad é. Sa chás sin, is é an leagan ar logainm.iean leagan oifigiúil agus sin an fáth go bhfuil logainm.ieann. I gcás sráidainmneacha, níl ann ach taiscumar é. Níl ann ach an t-eolas a bhfuair muidne thar na blianta. I go leor cásanna, ní bhfuaireamar aon eolas ó na comhairlí áitiúla, ach níl aon dualgas orthu an t-eolas sin a thabhairt dúinn ach an oiread. Tá siad freagrach as ainmneacha sráide agus sin é, ach táimid ag iarraidh gach rud a tharraingt le chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.