Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

-----agus tá gach rud déanta aici is ba chóir di a bheith déanta aici. Tá conradh ag an Roinn le An Post agus dar leis an bplean teanga a bhí ag an Roinn, chuir sí gach rud san áireamh ach, faraor, ar an talamh níl sé sin ag tarlú. Níl a fhios agam an bhfuilimid níos soiléire maidir leis an réiteach atá le bheith ann.

Tá mé ag breathnú ar ráiteas tosaigh an Choimisinéara Teanga. Beidh sé os ár gcomhair i gceann cúpla nóiméad. Tá líon na ngearán chomh hard sin go ndeireann sé ina ráiteas:

Is minic ráite agam é go bhfuarthas níos mó gearán ar an ábhar seo leis féin ná mar a fuarthas riamh maidir le haon ábhar aonair eile ó bunaíodh an Oifig.

Is rud thar a bheith bunúsach é muna bhfuil ainm agus seoladh an duine le bheith i nGaeilge aige nó aici. Tá beagáinín dul chun cinn déanta ach níl an córas ag feidhmiú fós chun na cearta atá ag daoine a chur i bhfeidhm. Tá fadhb ann.

Bhí ar an gCoimisinéir Teanga tuarascáil a leagan os comhair na Dála agus ní dhéanann sé é sin go minic. Rinne sé é ó thaobh An Gharda Síochana agus ó thaobh an ábhair seo. Is rud neamhghnách é tuarascáil a chur os comhair na Dála. Táimid ag streachailt - agus ní saineolaithe muid - chun tuarascáil a fhoilsiú agus ag iarraidh teacht ar réiteach air seo. D'éist mé go cúramach an uair dheireanach le An Post agus le GeoDirectory, ach bhí mé beagáinín déanach inniu. Ní thuigim fós cén fáth a bhfuil misalignment idir na logainmneacha agus na bunachair shonraí. B'fhéidir nach bhfuil-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.