Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Mr. Ciar?n ? h?b?in:

Tuigim an cás go maith. D'fhiafraigh an Cathaoirleach cé air nó uirthi a bhfuil an locht agus dúirt sé rud an-tábhachtach i ndiaidh sin; gurbh é an modh oibre atá ag an gcoiste seo ná go bhfuil sé dírithe ar rudaí a fheabhsú agus rudaí gur chóir a bheith in áit a chur in áit. Tá mise ag plé leis an ábhar seo sa Roinn le roinnt mhí anois. Thuig mé go maith an méid a bhí le rá ag an gCoimisinéir Teanga agus bhí orm dul taobh thiar de sin. Ansin fuaireamar an chomhairle ón Ard-Aighne maidir lena dhearcadh maidir leis an Roinn a raibh ag sárú a scéim féin. Ag dul i bhfad taobh thiar de sin, is é an bhuncheist ná go mba mhaith linn é dá mba rud é go mbeadh an duine a bhíonn ag plé le suíomh gréasáin Eircode in ann plé leis an suíomh sin, trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, in aon áit sa tír, agus teacht ar an Eircode don suíomh atá siad ag lorg.

Tá gach gur féidir á dhéanamh ag an Roinn é sin a chur in áit ach nuair a théitear siar, ar an suíomh gréasáin sin is é an bunachar sonraí atá agat ná an bunachar sonraí GeoDirectory le tag curtha leis. Is é sin meascán de litreacha agus uimhreacha gurb é an Eircode agus cuidíonn sé sin le duine an suíomh a aimsiú. Nuair a théitear taobh thiar den bhunachar sonraí GeoDirectory tá sé sin ag braith ar an mbunachar sonraí de chuid An Phoist do na seoltaí poist. Tá thart ar 86% de na seoltaí poist i nGaeilge sa Ghaeltacht agus níos lú ná sin, b'fhéidir 77% nó 78%, le leagan Gaeilge acu sna ceantair lasmuigh den Ghaeltacht. Go dtí go sroichfear 100% de na seoltaí poist a bheith i nGaeilge agus i mBéarla, ní féidir le haon duine atá ag úsáid an bunachar sonraí Geodirectory nó an bunachar sonraí Eircode a bheith cinnte go mbeidh siad in ann teacht ar sheoladh trí Ghaeilge.

Mar sin caithimid dul go dtí an áit ina thosaíomar. Is é sin an áit ina ghintear an chéad seoladh poist. Tá obair á déanamh ag An Post chun é sin a fheabhsú agus tá an méid seoltaí atá i nGaeilge ag dul i méid an t-am go léir. Mar thoradh air sin, tá céatadán de thart ar 86% de na seoltaí sa Ghaeltacht ar an gcóras Eircode ar fáil i nGaeilge. Ar an gcóras Idirlíon, is féidir é a fhiosrú i nGaeilge nó i mBéarla. Nuair a thagtar ar Eircode agus má chuirtear an Eircode isteach agus tugann sé suas seoladh, is é an seoladh i nGaeilge, má tá sé ann, a chuirtear ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.