Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá roinnt cheisteanna agam féin. Níl mé chun an Teachta a chur ar an spota.

An príomhfháth gur thug mé an cuireadh do na finnéithe teacht os ár gcomhair ná an tuarascáil a rinne an Coimisinéir Teanga agus an gearán a bhí sé ag tabhairt faoi maidir le Eircode. Thugamar cuireadh do GeoDirectory, Eircode, An Post, agus an Aire teacht os ár gcomhair. Ag deireadh an dá seisiún a bhí i gceist, ní raibh a fhios againn fós cad as a tháinig na logainmneacha Béarla a thagann chun cinn nuair atá duine ag lorg áite ar Eircode.

Más buan mo chuimhne, mhaígh GeoDirectory go bhfuair sé an t-ábhar ó An Post nó ón Roinn agus dúirt An Post go bhfuair sé é ó dhream éigin eile agus dream éigin eile. Sa deireadh ní raibh a fhios againn cad as atá sé ag teacht, agus sin í an cheist mar tá duine éigin ag staid éigin ag briseadh an dlí. Má chuirtear ainm i nGaeilge isteach i Eircode, ní thagtar air go minic má tá sé sa Ghaeltacht agus má chuirtear an t-ainm isteach i mBéarla tiocfaidh sé chun cinn. An uair dheireanach a bhí dream os ár gcomhair rinne mé cúpla sampla a thabhairt nach raibh mé tar éis tástáil a dhéanamh orthu roimhe sin, ceann amháin ná Tigh Uí Chatháin i mBaile an Fheirtéaraigh. Teach Uí Chatháin Ballyferriter a bhí in Eircode; ní raibh teacht ar Bhaile an Fheirtéaraigh ar aon litriú don teach áirithe sin. Cén fáth gur chuir mé sin isteach? Tá aithne agam ar an teach agus chuir mé cúpla áit eile isteach. Tá fadhb bunúsach ann agus bhí an Coimisinéir Teanga ag tabhairt aird ar an bhfadhb bunúsach sin. Táimid fós ag iarraidh teacht ar réiteach ionas nach bhfuil an Béarla chun cinn i gceantar Gaeltachta ar Eircode nó ar aon chóras Stáit eile.

Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag aon duine cé air nó uirthi a bhfuil an locht agus cén uair a bheidh an fhadhb leigheasta. Níl sé i gceist ag an gcoiste seo, agus ní bhíonn riamh i gceist, daoine a chéasadh faoi rudaí; táimid ag iarraidh go leigheasfar na fadhbanna a ardaíonn an Coimisinéir Teanga. Beidh sé os ár gcomhair inniu níos déanaí le cúpla gearán eile a rinne sé sa tuarascáil oifigiúil. Muna leigheasfar iad, leanfaidh siad. Tá cúpla ceist eile a d'ardaigh sé linn nach bhfuil leigheasta go fóill. Táimid beagnach críochnaithe le ceann faoin nGarda Síochána ach níl sé críochnaithe go fóill. Iarraim ar na hoifigigh ón Roinn míniú a thabhairt, óna dtaobh de, cad é an ról atá acu maidir leis an mbunábhar atá ag Eircode.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.