Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Logainmneacha na Gaeltachta: Plé
Mr. Aind? Mac Giolla Chomhghaill:
Déantar éagóir orthu agus tá an cheart ar fad ag an Dr. Ó Crualaoich – is ar son na drámaíochta is dócha a déanadh é. Bhí na bailitheoirí i bhfad níos fearr ná má a mheasfá agus tú ag féachaint ar an ndráma. Tá an dráma féin ar fheabhas gan amhras ach ní mar sin an cur chuige a bhí an an tsuirbhéireacht i leith logainmneacha Gaeilge. Bhí sé i bhfad níos eolasachaí. Caithfear cuimhneamh nach ar mhaithe le logainmneacha Gaeilge a bhíodar ag déanamh an taighde ach chun teacht ar na bunleaganacha Gaeilge ionas go mbeidís in ann Béarlú sort slachtmhar a chur ar na léarscáileanna; eilimint ar eilimint.
Dá bhfaighidís amach cérbh é an bunlogainm Ghaeilge, bhí sórt scála traslitrithe acu agus ansin, eilimint ar eilimint, d'oibreoidís ar na leaganacha Gaeilge, a bhí le greanadh ar na léarscáileanna go deo na ndeor. Chaithfidís a bheith chomh cruinn agus a d'fhéadfaidís a bheith. Is chuige sin a bhí na scoláirí ag obair. Ní mór cuimhneamh gur scoláirí den chéad scoth ab ea beirt nó triúr acu, ar a laghad, agus Seán Ó Donnabháin os cionn gach éinne.
No comments