Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Tá brón orm ach ní stopfar anois mé agus mé ag caint faoi logainmneacha. Mar eolas, bhí Seán Ó Donnabháin ag gearán faoi Chontae Shligigh nuair a bhí siad ag iarraidh leaganacha áitiúla a bhailiú ó mhuintir na háite. In áiteanna eile i dtuaisceart Loch Gharman, luaigh sé nach raibh aon Ghaeilge ansin ach nuair a shroich sé iarthar Loch Gharman agus paróiste Teampall Lúdagáin, dúirt sé gur labhair muintir na háite Gaeilge mhaith ansin. Maidir le Sligeach, dúirt duine amháin acu - an tUasal Ó Conchubhair sílim, gur labhraíodh an Ghaeilge is fearr - lán stad - i gCúige Chonnacht i Machaire Eabha; an cheantar ó thuaidh ó bhaile Shligigh. Níl a fhios agam cén fáth go ndúirt sé é sin ach sin a dúirt sé ag an am.

Dúirt Seán Ó Donnabháin go mbíodh frustrachas air mar bhíodh daoine ag tabhairt freagra dó uaireanta a shíl siad a bhí ag teastáil uaidh, agus ní an fíorfhreagra, mar a dhéarfá. Iarradh sé ar dhaoine cén leagan Gaeilge a bhí ar áit agus, mar a tharla i Liatroim, cumadh logainmneacha. Uaireanta bíonn orainn a bheith cúramach ach bhí na bailitheoirí féin ag iarraidh a bheith an-chúramach chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.