Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Gabhaim leithscéal as ucht a bheith beagáinín mall. Bhí orainn bheith ag sochraid sular tháinig muid anseo.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl leis an gcoiste as ucht cuireadh a thabhairt dúinn aitheasc a thabhairt maidir leis na dúshláin agus na féidearthachtaí os comhair na gcoláistí samhraidh. Is féidir a rá gurb iad na coláistí samhraidh an tionscnamh is sinne atá sna Gaeltachtaí - seachas an fheirmeoireacht agus an iascaireacht - agus gur chabhraigh siad go mór le geilleagar na Gaeltachta thar na blianta fada ó bhunaíodh i dtosach iad. Tá na coláistí samhraidh lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge mar ghnáth-theanga labhartha i measc daoine óige na tíre agus tá freastal ar cheann acu mar dheasghnáth aistrithe saoil ag méid suntasach déagóirí na tíre. Go minic is ag na coláistí samhraidh a chloiseann daoine óige an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga cumarsáide don chéad uair agus meallann sé seo iad chun í a úsáid iad féin mar theanga labhartha. Feictear dúinn go bhfuil sé tábhachtach go gcoinneofaí na coláistí ag feidhmiú.

Bunaíodh Comharchumann Ráth Chairn in 1973 chun saol sóisialta agus eacnamaíochta mhuintir Ghaeltacht Ráth Chairn a chur chun cinn. Tá forbairt chultúrtha, teanga, eacnamaíochta agus sóisialta don Ghaeltacht agus do Ghaeilgeoirí thuaiscirt Chúige Laighin mar phríomhaidhm ag Comharchumann Ráth Cairn. Tar éis idirbheartaíocht ón gcomharchumann, bhunaigh Coláiste na bhFiann coláiste samhraidh i Rath Chairn in 1976 agus tá an coláiste ag feidhmiú go fóill. Fanann daltaí an choláiste i dtithe sa cheantar agus ritear imeachtaí an choláiste i bhfoirgneamh an chomharchumainn. Ina theannta sin, eagraíonn an chomharchumann coláistí samhraidh laethúla a fhreastalaíonn ar daoine óga ó na ceantair mórthimpeall orainn.

An dúshlán is mó atá againn i Ráth Chairn agus atá ag Coláiste na bhFiann ó thaobh coláiste samhraidh cónaithe a rith sa cheantar ná mná tí nua a mhealladh le daltaí a choinneáil ina dtithe. Feictear dúinn go bhfuil cúiseanna éagsúla ann gur amhlaidh an scéal. Go hiondúil bíonn an dá pháirtí i lánúin fostaithe go lánaimseartha taobh amuigh den teach agus ní bhíonn siad ar fáil le seirbhísí a chur ar fáil do daltaí na gcoláistí samhraidh. Tá costais mhóir ag baint le teach a réiteach le daltaí a choinneáil. De dheasca rialacha slándála, in an-chuid cásanna bíonn gá le dorais, fuinneoga agus bealaí éalaithe nua a chur leis an teach. Cé go bhfuil deontas na Roinne Turasóireacht, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin ardaithe i gcomhair mná tí, bíonn costais mhór orthu agus bíonn drogall orthu tabhairt faoin tionscnamh.

Faoi rialacha na Roinne, tá cead ag mná tí 16 dalta a choinneáil ar chúrsa. Íocann na coláistí as gach dalta a bhíonn ag fanacht i dteach. Níl ansin ach ach sciar de na costais, áfach. Íocann an Roinn an sciar eile ach ní íocann siad ach as 12. Bíonn sé deacair ag mná tí cóimheá airgid a bhaint amach faoin gcóras seo agus arís bíonn drogall ar mhná tí nua tabhairt faoin obair dá bharr. Molann an comharchumann go ndéanfadh Roinn athbhreithniú ar an gcóras agus go mbeadh sé mar aidhm aige líon na ndaltaí a choimeádann na mná tí a ardú má tá spás ann, agus sciar a íoc ar son gach dalta a fhanann leis na mna tí.

Feictear dúinn gur mhór an acmhainn iad na mná tí agus pobal na Gaeltachta ó thaobh caomhnú agus forbairt labhairt na Gaeilge sa tír ina iomláin agus gur chóir an tairbhe is mó gur féidir a bhaint as an acmhainn sin. De bharr go bhfuil sé deacair mná tí nua a mhealladh chun daltaí a choinneáil, aontaímid go láidir mar chomharchumann leis an obair atá ar siúl ag Comharchumann Chorca Dhuibhne chun brú nó coláiste cónaithe a thógáil le daltaí a choinneáil sa cheantar. Tugann sé seo deis don choláiste líon daltaí réasúnta a choinneáil agus cóimheá airgid a bhaint amach. Is muintir na háite a bhíonn fostaithe sa bhrú nó coláiste agus tugann sé seo deis do na daltaí taithí a fháil ar Ghaeilge agus ar chultúr na Gaeltachta sa Ghaeltacht féin. Táimid go láidir den tuairim gur fiú a mhacasamhail a dhéanamh sna Gaeltachtaí eile ach go mbeadh infheistíocht ón Stáit ag teastáil chun na tograí seo a thosú agus iad a chur i bhfeidhm. Bheadh deiseanna ann na hionaid seo a úsáid taobh amuigh den ard-séasúr agus mheallfadh sé foghlaimeoirí eile chuig na Gaeltachtaí; mar shampla, scoláirí tríú leibhéal; daoine fásta atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge; fostaithe sa tseirbhís poiblí atá ag cur seirbhísí ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge; tuismitheoirí daltaí i ngaelscoileanna nó i ngaelcholáistí; nó daltaí dara leibhéal atá ag cleachtadh don bhéaltriail.

Tá féidearthachtaí ann freisin cur leis an méid coláistí lae atá ag feidhmiú sna Gaeltachtaí. Bheadh coláistí mar seo an-oiriúnach do cheantair Ghaeltachta atá taobh le ceantair nach ceantair Gaeltachta iad. D’fhéadfadh na coláistí seo freastal ar aoisghrúpa níos óige ná na daltaí a bhfreastalaíonn ar na cúrsaí cónaithe. Bheadh taithí ag na daltaí ar chúrsaí sa Ghaeltacht agus seans go meallfadh sé seo iad le freastal ar na cúrsaí cónaithe agus fanacht sna brúnna nó leis na mná tí.

Gabhaim buíochas le baill an choiste arís as ucht éisteacht linn inniu. Táimid an-bhuíoch as an deis seo a fháil. Cuirfimid fáilte roimh ceist nó soiléiriú ar bith atá uaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.