Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

I dtaca leis an bplean iomlán atá againne, tá plean straitéiseach á dhéanamh againn faoi láthair le comhlacht comhairleoireachta proifisiúnta. Mar a dúirt mé, tá muidne ag iarraidh a bheith mar lóchrann nó tuar dóchais don Ghaeilge i lár na Gaeltachta, áit a bhfuil an Ghaeilge ag lagú le roinnt blianta anois, i Múscraí. Tá sé in am é sin a chasadh. Tá gach rud ag dul i dtreo taithí nó eispéiris nua a thabhairt do dhaoine óga agus do chuairteoirí. Tá naisc á ndéanamh againn i gcomhpháirtíocht le dreamanna eile, mar Choláiste na hÉireann agus Gaelchultúr, mar shampla. Tá os cionn 2,000 duine ag foghlaim na Gaeilge ar líne acu faoi láthair. Bhí dhá chruinniú againn acu le déanaí. Tá an-chuid daoine ó thar lear, mar a luaigh an Teachta, gur mhaith leo teacht chugainn. Cuirfimid na háiseanna agus cúrsaí ar fáil dóibh ionas go bhfaighidh siad blas níos mó don rud agus go mbeidh spéis acu ann agus é sin a roinnt le daoine óga i gCorcaigh agus i gCúige Mumhan. An dúshlán atá romhainn anois díreach ná airgead a fháil chun uasghrádú a dhéanamh ar na háiseanna. Táimid ag féachaint ar shlite difriúla chun é sin a chur ar fáil. An príomhrud ná go mbeadh an Ghaeilge láidir sa cheantar agus naisc á ndéanamh ansin. Tá sé daor ach tá smacht againn air sin mar go bhfuil ár lóistín féin againn. Cuirimid ar fáil do ghrúpaí timpeall na tíre é. Aon ghrúpa gur mhaith leo Gaeilge a bheith ar siúl acu, is féidir leo teacht agus na háiseanna a úsáid, ag brath ar an gcostas. Is breá linn é a fheiscint. Bhí Coláiste na Mumhan nuálach agus mar cheannródaí agus ba bhreá linn dul ar ais go dtí an pointe sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.