Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé

Mr. Diarmuid ? D?laigh:

Is breá an rud go luann an Teachta Ó Muimhneacháin an t-óstán. Is brú atá ann i ndáiríre, ar eagla go mbeadh na comhaltaí ag cuimhneamh go mbeadh óstán cúig réalta againn i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Tá stair iontach ag baint leis an áit ach b’fhéidir nach bhfuil sé ar leibhéal cúig réalta go fóill. Fuaireamar é an-deacair anuraidh teacht ar dhaoine a thabharfadh aire maidir leis an lónadóireacht, an chistin agus mar sin de. Leanfaidh sé sin ar aghaidh mar tá siad léirithe go bhfuil daoine imithe thar lear nó go bhfuil jabanna i bhfad níos fearr á fháil acu sna cathracha. Caithfimid féachaint ar phoist lánaimseartha a chruthú amach anseo sa Ghaeltacht chun go mbeadh daoine ag triail ar an áit i rith na bliana ar fad. Bheadh foireann iontach ann i rith na bliana a bheadh taithí agus leanúnachas aici. Tá sé ábhairín difriúil ón mhéid a bhíonn á dhéanamh ag na mná tí. Ina dteach féin, tá taithí acu ar na rudaí a dhéanamh agus caitear scaling-up a dhéanamh sa samhradh i gcomhair breis uimhreacha. Inár gcás, ní bhíonn aon rud ar siúl againn i gcomhair naoi nó deich mí den bhliain.

Bíonn sé deacair gach aon rud a thosú sa samhradh agus coimisiúnú a dhéanamh ar gach aon rud. Caitear na fostaithe a earcú, Garda vetting a dhéanamh orthu agus gach aon chuid a dhéanamh maidir le fostú gach aon bhliain. Táimid dóchasach, ar nós áiteanna eile, toisc go bhfuil an t-óstán againn agus spás le haghaidh nach mór 200 duine ar an gcampas. Tá halla spóirt agus linn snámha againn. Tá áiseanna den scoth - seomraí ranga, seomraí rince, lónadóireacht agus cistin nua-aimseartha - againn. Tá na háiseanna ann ach iad a uasghrádú beagáinín anois don todhchaí agus féachaint ar na féidearthachtaí a bheidh ann don todhchaí.

Ó thaobh na mná tí, bhíodh 600 duine i mBéal Átha an Ghaorthaidh do gach cúrsa uair amháin nuair a bhíodh 20 bean tí ann sna 1960idí, 1970idí agus fiú amháin sna 1980idí, nuair a thosnaíos féin mar cheannaire, agus sna 1990idí, nuair a thosnaíos mar mhúinteoir. Tá sé deacair anois. Níl ach teach amháin dáiríre atá á dtógáil go háitiúil. Tá cúpla ceann eile i Múscraí nach bhfuil ag tógáil daoine a thuilleadh mar nach bhfuil na cúrsaí ann.

De réir mar a thuigim, tá pacáiste curtha ar fáil ag an Roinn le deontas breise €6,000 do gach aon duine. Tá muidne ag féachaint an féidir linne mar choláiste na costais ullmhúcháin a sheasamh do na mná tí, sé sin, na costais a bhaineann le córas tine a chur isteach nó mar sin. Níl sé deimhnithe go fóill againn ach táimid ag féachaint air sin a dhéanamh. Thiocfadh an t-airgead ar ais tar éis ceithre nó cúig de bhlianta agus ní bheadh aon airgead nó aon chostas breise orthu.

Chomh maith leis sin, b’fhéidir gur féidir linn roinnt de na daoine a bhíodh ag obair sa choláiste, na ceannairí nó daoine atá tiomanta don Ghaeilge, a chur ar fáil ag obair nó ag cabhrú leis na mná tí. Tá formhór na ndaoine a bheadh muid ag díriú orthu mar mhná tí ag obair i bpoist lánaimseartha agus ní féidir leo seacht nó ocht seachtaine a thógáil sa samhradh chun aire a thabhairt do scoláirí. Caithfidh muidne féachaint conas gur féidir linn poist a chruthú chun go mbeidh siad mar animator nó ainmneoir amach anseo, mar chuid den chúrsa. Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, ní hamháin go gcaithfidh siad a bheith níos baintí leis an gcoláiste agus leis an nGaeilge a chur chun cinn sa choláiste nó sa dúiche. Mar dhaoine proifisiúnta, bheadh sí níos tarraingtí do dhaoine gan a bheith díreach ag tabhairt aire don bhia agus don lóistín. Ní fheadar an bhfreagraíonn sé sin an cheist ach tá mé sásta féachaint ar na céimeanna. Tá feachtas tosaithe againn chun mná tí a mhealladh isteach sa rannóg don samhradh seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.