Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Coláistí Samhraidh agus Mná Tí: Plé

Ms ?na N? Fhaircheallaigh:

Tá. Nuair atá na gasúir óg go maith, is maith le tuismitheoirí iad a fhágáil agus a bhailiú agus nach mbeadh orthu fanacht thar oíche. Nuair a éiríonn siad níos sine, ba bhreá leo go mbeadh siad in ann fanacht thar oíche ach tá fadhbanna againn ó thaobh mná tí a mhealladh. Is dócha go gcaithfidh mé coimhlint leasa a léiriú anseo. Tá mé mar stiúrthóir ar Choláiste na bhFiann freisin. Is ceann de na fadhbanna atá againn ó thaobh na Gaeltachta de ná líon dóthanacha dalta a bheith againn ar na cúrsaí chun íoc as múinteoirí agus na himeachtaí ar fad a ritheann muid. Caithfear méid áirithe daoine a bheith agat le briseadh even. Is eacnamaíocht atá ann. Nuair a laghdaítear an líon daoine gur féidir leis na mná tí a choinneáil, laghdaíonn sé sin an líon gur féidir leis an gcoláiste a thógáil isteach, rud a chiallaíonn go n-éiríonn an eacnamaíocht go dona. Bíonn sé deacair briseadh even nuair atá sé sin i gceist. Mar is eol don choiste, is é an fáth go bhfuil Coláiste na bhFiann ann ná leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga labhartha. Mar sin, táimid ag iarraidh go mbeadh ár gcuid daltaí in ann dul ag an nGaeltacht agus leas a bhaint as an acmhainn iontach atá ann sa Ghaeltacht, áit a bhfuil Gaeilge na Gaeltachta ag na mná tí agus ag pobal na Gaeltachta agus inar féidir leis na daltaí an Ghaeilge a chloisteáil á labhairt go laethúil agus go nádúrtha. Feiceann na daltaí gasúir bheaga de dhá bhliain d'aois ag labhairt na Gaeilge agus bíonn ionadh orthu. Tugann sé sin spreagadh do na déagóirí leanúint leis an nGaeilge. Caithfear na mná tí, nó córas éigin eile ina n-áit, a bheith ann. Nuair atáimid ag smaoineamh ar bhrú a fhorbairt, táimid ag smaoineamh ar bhrú chun cur leis na mná tí. Is iad na mná tí agus muintir an tí na daoine is tábhachtaí dúinn mar gheall ar an saibhreas teanga atá acu nach bhfuil ag daoine eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.