Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 16 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Plé

Mr. Se?n ? Coinn:

Le cúpla seachtain, b’fhéidir.

Maidir leis an scrúdú cainte agus na measúnuithe rangbhunaithe, tá measúnú labhartha le déanamh sa tríú bliain, ach ní leor é sin. Ní thugann an grád a fhaigheann daltaí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit aitheantas ar bith don obair labhartha a dhéantar. Is ar pháipéar scríofa a théann na marcanna uilig. Tá 90% de na marcanna ag dul don pháipéar deiridh agus tá 10% ag dul le haghaidh tasc measúnaithe agus níl aon fhiúntas ag baint leis an tasc sin. Tá sé ag leibhéal go hiomlán míréadúil, go háirithe do dhaltaí T2. Caithfidh siad labhairt faoin méid a d'fhoghlaim siad le linn an phróisis foghlama. Níl na scileanna teanga ag daltaí ag an aois sin le bheith ábalta é sin a dhéanamh sa dara teanga. Mar sin, tá sé sin go hiomlán míréadúil.

Má amharcaimid ar na hábhair phraiticiúla - teicneolaíocht, ealaín, eacnamaíocht bhaile agus ceol - is léir go bhfuil éagothromaíocht anseo. Sa sean-teastas sóisearach, bhí marcanna ag dul don Ghaeilge labhartha - bhí scrúdú béil roghnach ann agus bhí 10% de mharcanna ag dul don obair labhartha i scrúdú cainte. Baineadh sin den Ghaeilge, ach choinnigh na hábhair phraiticiúla a luaigh mé an measúnú praiticiúil. Baineadh an scrúdú béal den Ghaeilge agus níl aon mharcanna ag dul dó anois, agus níl sé sin ceart. Ní léiríonn an grád a fhaigheann daltaí a bhfíor-chumas sa teanga. Muna bhfuilimid ag déanamh measúnú ar na scileanna cearta, ní chothóidh na scrúduithe na scileanna atá de dhíth ar na daltaí leis an teanga a úsáid go laethúil. Tá míréir ann idir aidhmeanna na sonraíochtaí agus na scrúduithe féin, agus caithfimid aghaidh a thabhairt air sin.

Ní leor measúnuithe rangbhunaithe amháin agus ní leor cur i láthair a dhéanamh ach an oiread. Sin an rud atá i gceist leis an measúnú rangbhunaithe. Ní comhrá atá i gceist. Ní ullmhaíonn sé sin daltaí chun comhrá ceart a dhéanamh le cainteoirí eile. Ní ullmhaíonn sé iad don fíorshaol. Tá laigeachtaí móra ansin. Tá rudaí áirithe sa chúrsa nua atá fiúntach, ach tá na rudaí seo chomh bunúsach sin. Caithfimid athruithe móra suntasacha a dhéanamh ar na sonraíochtaí agus ar na scrúduithe le rudaí a fheabhsú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.