Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. D?nal ? hAinif?in:

Gan dabht, ní thiocfaidh sé mar nuacht chuig éinne go n-aontaíonn COGG go hiomlán leis na saineolaithe atá luaite ag an Teachta roimhe seo, agus leis na ceardchumainn a luadh maidir le ceist na ndíolúintí ag an mbunleibhéal, go háirithe, gan baint a bheith acu, i ndáiríre, le hábhair ag an mbunleibhéal.

Is é an stair a bhaineann leis na díolúintí ná go dtéann siad siar i bhfad. Is í an aidhm a bhí leo nuair a cuireadh na ciorcláin is déanaí amach ná gur rudaí annamha agus eisceachtúla a bheadh iontu. Níl siad chomh hannamh is chomh heisceachtúil anois nuair a bhreathnaítear ar na figiúirí. Tá an comhrá seo agus an spéis atá léirithe ag an gcoiste seo thar a bheith tábhachtach mar tá díospóireacht á reáchtáil maidir leis na huimhreacha agus cé chomh cruinn is atá siad, maidir leis na daoine nua atá tagtha isteach sa chóras, anailís ar na huimhreacha, agus an bealach a bhailítear sonraí sa Roinn maidir leis na huimhreacha sin a bhaineann leis na díolúintí. Tá an-spéis againn go háirithe sa chomhrá maidir leis an leithdháileadh ginearálta a thugtar do scoileanna chun freastal ar dhaltaí le riachtanais speisialta, agus na hidirghabhálacha atá le tarlú sa thréimhse dhá bhliain sin sula mbronntar aon díolúine ar dhaltaí. Má chuirim hata príomhoide scoile orm féin i gcomhair tamaillín, tá sé an-deacair ar phríomhoidí a bheith ag dáileadh acmhainní scoile teoranta san oideachas speisialta, nuair a bhreathnaímid ar chúrsaí uimhearthachta, litearthachta agus cúrsaí teanga, Gaeilge agus Béarla ina measc. Tá sé an-deacair a fheiceáil cá bhfaigheann na scoileanna na hacmhainní chun an idirghabháil leanúnach sin don dá bhliain sin a dhéanamh do na daltaí atá ag streachailt le Gaeilge, agus leis an imní atá ar dhaltaí áirithe le Gaeilge.

D’aontóinn leis na saineolaithe nach ann dá leithéid de rud mar shain-mhíchumas foghlama teanga a bhaineann le Gaeilge ar leith, nó le teanga eile ar leith. Sna dlínsí eile a luadh ó chianaibhín, baineann an díolúine ansin le foghlaim an dara teanga, ní le teanga ar leith nó le gach teanga. Níl a leithéid de dhíolúine againn anseo in Éirinn. Dá mbeadh díolúine againn i gcomhair L2, bheadh gach uile teanga gafa leis seo. Fuaireamar an freagra go soiléir ón Aire nach dteastaíonn uaithi an bac sin a chur ar aon duine. Ní heol dúinne, áfach, go bhfuil aon dúshlán ar leith ag baint le foghlaim agus sealbhú na Gaeilge a dhéanann sé níos déine nó níos deacra é ar dhaltaí.

Go deimhin féin, ní bhaineann an ciorclán seo le Gaelscoileanna ná le scoileanna Gaeltachta. Tá daltaí le huathachas is le gach saghas deacrachtaí agus dúshláin foghlama againn inár scoileanna go léir agus tá siad ag déanamh go rathúil, ach níl an rathúlacht sin líneach. Ó thaobh an oideachais de, ní líne dhíreach atá ann. Bímis thuas seal agus thíos seal, ag teip agus ag foghlaim. Tógann sé sin athléim agus cothaíonn sé teacht aniar sna daltaí. Má táimid ag iarraidh imní nó ard-imní a sheachaint sna daltaí, ní dóigh liom gurb é an bealach chun é sin a dhéanamh ná an rud a chuireann imní orthu a bhaint. Is gá aghaidh a thabhairt ar ár n-imní agus cúnamh a fháil chun an aghaidh sin a thabhairt uirthi, agus tacaíochtaí a fháil chun dul chun cinn a dhéanamh ar bhonn chéimnitheach, ag brath ar chumas an dalta. Tá difreálú i gceist i ngach uile ábhar agus i nGaeilge. Is í an chomhairle a chuir COGG ar an Roinn ná díreach mar atá ráite agam agus í ag teacht leis na saineolaithe a bhí luaite ag an Teachta roimhe seo. Is féidir leis an Roinn glacadh nó diúltú don chomhairle sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.