Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas lenár n-aíonna as na ráitis tosaigh. Tá sé ráite go soiléir ag Dónal Ó hAiniféin nach bhfuil baint dhíreach ag feidhmeannaigh de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, leis na díolúintí ó fhoghlaim na Gaeilge. Agus é sin ráite, tá feidhm ag COGG maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna uile na tíre agus dualgas ar COGG tacaíocht nó comhairle a chur ar fáil chun daltaí a chumasú chun an Ghaeilge a fhoghlaim.

Cad é an taithí atá ag COGG ó thaobh na ndíolúintí? Dar leis na saineolaithe atá tagtha os ár gcomhair - ní mór dom a rá nach bhfuil an tAire ag aontú leis seo - go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na ndíolúintí. Maidir le cumas daltaí éagsúla teangacha eile a fhoghlaim, tá cur síos déanta ag COGG anseo maidir le maoiniú i dtaobh taighde sna hollscoileanna. An bhfuil aon taighde déanta maidir leis an gceist sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.