Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. D?nal ? hAinif?in:

Tá an-áthas orm a bheith anseo le Jacqueline le mo thaobh. Is mór againn an spéis, an suim agus an díospóireacht atá ar siúl faoin ábhar seo agus is mór againn an spéis atá léirithe ag an gcoiste san ábhar ríthábhachtach seo. Tá ráiteas le léamh agam atá gairid go leor agus fáilteoidh mé roimh cheisteanna ina dhiaidh. Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais 1998 tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar bun le go mbeadh sainstruchtúr ann le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gcomhairle chomh maith. Baineann ról na comhairle leis an mbunoideachas agus leis an iar-bhunoideachas agus tá trí mhór-réimse oibre againn. Is iad sin soláthar acmhainní teagaisc, seirbhísí taca agus taighde.

Níl baint dhíreach ag feidhmeanna COGG leis na díolúintí ó fhoghlaim na Gaeilge a bhronntar ar scoláirí ar leith sa chóras oideachais. É sin ráite, tá feidhm ag COGG maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna uile na tíre agus ar an mbonn sin, ba mhaith le COGG go mbeadh deis ag gach dalta sa chóras oideachais, idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, an Ghaeilge, teanga dúchais na tíre, a fhoghlaim ag leibhéal atá oiriúnach dá gcumas féin.

Cuireann COGG go suntasach gach uile bhliain le líon na n-acmhainní teagaisc agus foghlama chun tacú le teagasc agus foghlaim trí Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge féin. Tá sé i gceist againn feachtas poiblíochta a chur ar bun sa bhliain atá amach romhainn chun na hacmhainní teagaisc sin a roinnt le scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla ar bhealach níos éifeachtaí agus níos feiceálaí. Anuas air sin, ba mhaith le COGG tacú le scoileanna a iompaíonn ó a bheith ag teagasc trí mheán an Bhéarla chuig scoileanna a dhéanann an teagasc trí mheán na Gaeilge. Cuireann COGG soláthar acmhainní teagaisc ar fáil do scoileanna a bhfuil an rogha seo déanta acu agus is féidir tacaíocht forbairt ghairmiúil a thabhairt freisin ar straitéisí éifeachtacha don tumoideachas ónár n-oifigigh oideachais a bhfuil saineolas acu sa réimse seo.

Tá COGG ag tacú freisin leis an tionscadal foghlaim comhtháite ábhar agus teanga, FCÁT, nó content and language integrated learning, CLIL, na Roinne Oideachais, áit a mhúintear ábhar nó modúl trí mheán na Gaeilge ar feadh achair áirithe. Is mian le COGG buntáistí an dátheangachais agus an ilteangachais a roinnt ar thuismitheoirí agus ar a bpáistí, chomh maith le múinteoirí agus le hoideachasóirí eile. Tá comhpháirtíochtaí láidre cothaithe ag COGG le Teangacha Iar-bhunscoile Éireann, PPLI, le blianta beaga anuas chun buntáistí foghlaim teangacha a chur chun cinn go ginearálta i measc mhuintir na hÉireann. Tá tacaíochtaí cruthaithe ag COGG le bronnadh ar scoileanna Gaeltachta ina bhfuil páistí de chuid na hÚcráine chun tacú leo agus iad ag iarraidh na critéir theanga-bhunaithe a chur i bhfeidhm agus ar scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla chun tacú leo maidir le múineadh na Gaeilge do pháistí na hÚcráine.

Tá COGG ag maoiniú forbairtí suntasacha teicneolaíochta i gColáiste na Tríonóide, áit a bhfuil meitheal de thaighdeoirí agus lucht teicneolaíochta ag obair ar bhealaí cumarsáide trí Ghaeilge a sholáthar do pháistí agus do dhaoine fásta sa todhchaí nach bhfuil cumas urlabhra acu de bharr uathachais nó riachtanais bhreise oideachais eile. Leanfar leis na forbairtí seo le maoiniú COGG as seo go ceann cúig bliana agus beidh súil ag COGG agus ag Coláiste na Tríonóide an t-eolas faoin teicneolaíocht nua a roinnt ar na scoileanna agus ar oideachasóirí de réir a chéile.

Tá COGG ag obair i gcomhar leis an eagraíocht Gaeloideachas ar chomhdháil ar riachtanais speisialta oideachais a eagrú ar an 24 Samhain chun deis a thabhairt do mhúinteoirí agus d’oideachasóirí eile teacht le chéile chun éisteacht le saineolaithe agus plé a dhéanamh ar conas is fearr freastal ar pháistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu i suíomh an tumoideachais. Cuirfear an t-eolas is déanaí maidir le freastal ar riachtanais speisialta oideachais trí mheán na Gaeilge faoi bhráid na scoileanna chun tacú leo agus iad ag tacú le páistí agus tuismitheoirí ar raon leathan de cheisteanna sainiúla.

Déanann COGG maoiniú ar raon taighde sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí tríú leibhéal a bhaineann le riachtanais speisialta oideachais i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá an fhreagracht nó dualgas ar COGG, mar cheann de phointí gnímh nó cholúin tacaíochta an pholasaí don oideachas Gaeltachta agus i gcomhar le NEPS, an Roinn Sláinte agus an NCSE, treoir phraiticiúil a fhorbairt “maidir le tacaíocht do riachtanais dhátheangacha leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i limistéir Ghaeltachta agus an treoir a scaipeadh i measc na foirne gairmiúla agus paraghairmiúla i limistéir Ghaeltachta.”

Anuas air sin, i gcomhar leis na comhpháirtithe thuasluaite, beidh feidhm ar COGG “méadú ar an bhfeasacht i measc na bhfoirne gairmiúla agus paraghairmiúla maidir leis an litríocht a thacaíonn le buntáistí intleachtúla, labhartha agus gairme an dátheangachais agus go háirithe, maidir le riachtanais dhátheangacha ar leith na ndaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i gcomhthéacsanna Gaeltachta.” Cé go mbaineann an treoir phraiticiúil a ndéantar tagairt di sa pholasaí do chomhthéacs na Gaeltachta, táthar ag súil leis go mbeidh feidhm inaistrithe aici freisin i gcomhthéacs an Ghaeloideachais lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá COGG tiomnaithe don tseirbhís is fearr a sholáthar do scoileanna a mhúineann trí mheán na Gaeilge agus do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna na tíre i gcoitinne, mar a bhaineann sé le soláthar acmhainní teagaisc agus téacsleabhair, seirbhísí taca do scoileanna agus raon taighde ar cheisteanna sainiúla a bhaineann le hearnáil na Gaelscolaíochta agus na Gaeltachta agus múineadh na teanga sna scoileanna uile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.