Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tosóimid arís ag déileáil leis an gceist ceannann céanna a rinneamar déileáil leis agus muid leis an Aire go dtí díreach tar éis 3.00 p.m., an t-am a luaigh sí linne go mbeadh sí in ann fanacht go dtí. Ó thaobh an choiste de, más gá agus má tá ceisteanna breise againn, beimid in ann iad a chur ar aghaidh chuici nó cuireadh eile a thabhairt di teacht ar ais chun críochnú leis an ábhar seo.
Tá súil agam go mbeimid in ann roinnt de na ceisteanna a bhí ag Teachtaí agus Seanadóirí a chur ar na trí dhream atá os ár gcomhair anois. Is iad sin an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, NEPS, agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, NCSE. Tá Jacqueline Ní Fhearghusa agus Donall Ó hAiniféin linn ó COGG, tá John Kearney agus Cathy Connolly anseo ó NCSE, tá Anne Tansey anseo ó NEPS; agus ón Roinn Oideachais tá Martina Mannion, rúnaí cúnta.
No comments