Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Aontaím le sin go léir agus is cinnte gur cás uathúil é seo atá an-dhifriúil ó chúrsaí i Sasana agus sna Stáit Aontaithe. Tá sé sin fíor cinnte. Is teanga mionlaigh í an Ghaeilge ach tá ról lárnach aici in oideachas an Stáit. É sin ráite, tá intinn an linbh mar an gcéanna i ngach áit. Ba chóir go mbeadh cuid mhaith den slí a dhéantar anailís nó measúnú ar chumas na leanaí sách cosúil ar fud an domhain. Nuair a cumadh an córas i 2019, ar phlé an Roinn le taithí idirnáisiúnta maidir le conas measúnú a dhéanamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.