Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Ms Eibhl?n N? Scannl?in:

Tugadh san áireamh na cuspóirí atá ann go hidirnáisiúnta agus bhí tagairt i dtuarascáil na cigireachta féin ar an gcóras a bhain le cleachtais maidir le díolúintí a chur i bhfeidhm sna scoileanna. Foilsíodh é i 2018 agus bhí tagairtí ar leith ann don chóras i Sasana agus chomh maith le sin sna Stáit Aontaithe. Caithfear i gcónaí teacht ar ais chuig an gcás uathúil atá againn anseo, más maith linn é sin a thabhairt air. Tá comhthéacs ar leith againn anseo agus bhí tuarascáil na cigireachta mar bhonn eolais don chomhairliúcháin leathan a tharla ag an bpointe sin. Mar atá luaite ag an Aire, bhí gá le tuairimí éagsúla a chur san áireamh maidir leis an tréimhse dhá bhliana, le cothromaíocht sa chur chuige a fháil agus chun tacú leis an nGaeilge, ach ag an am céanna a chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais na leanaí atá ag dul tríd an gcóras scolaíochta agus chun cabhrú leo an chuid is fearr a bhaint amach ina gcuid oideachais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.