Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhain an cheist is tábhachtaí a bhí agam leis na hidirghabhálacha. Bhíos ag múineadh i meánscoil go dtí 2019 agus, i mo thaithí féin, ní raibh na hidirghabhálacha sin ag tarlú sna scoileanna ag an bpointe sin. Ní raibh comhrá dhá bhliana ar siúl idir múinteoirí nó idir éinne sa seomra foirne. Comhrá cúig nóiméid leis an special needs co-ordinator nó leis an bpríomhoide féin a bhí agam mar mhúinteoir Gaeilge ag an am. Is é sin an méid comhrá agus díospóireachta a bhí agam mar gheall ar díolúintí a thabhairt do dhaltaí éagsúla sa scoil. Cad go díreach iad na hidirghabhálacha seo? Bheadh suim agam cloisteáil fúthu mar atá siad le feiceáil on the ground sna scoileanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.