Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Thugamar cuireadh d'Aontas Dhaltaí Iar-bhunscoile na hÉireann agus d'aontas na tuismitheoirí. Ní raibh sé ar a gcumas nó ní raibh sé i gceist acu teacht os ár gcomhair. Scríobhamar chucu ó shin ag lorg go dtabharfaidís aighneachtaí nó a leithéid dúinn ionas gur féidir linn an t-eolas a bhí acu a chur san áireamh in aon tuairisc atá againn. Nílimid ag diúltú dóibh. Má thagann siad ar ais chugainn ag iarraidh teacht os ár gcomhair, bheimis breá sásta. Bhí grúpa AsIAm os ár gcomhair agus bhí tuismitheoir os ár gcomhair a raibh páiste tar éis dul tríd an gcóras.

Táimid réidh le héisteacht. Ba mhaith linn cloisteáil ó dhaoine atá tar éis dul tríd an gcóras ag gach uile leibhéal, ina measc daoine a bhfuil meon difriúil nó an meon céanna acu maidir leis an gceist seo. An bhfuil an Teachta O'Sullivan ag iarraidh teacht isteach arís?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.