Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an-áthas orm a bheith anseo le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar dhíolúintí ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá an cás a bhaineann le díolúintí teanga casta agus níl aon réitigh shimplí ar fáil ina leith. Feidhmíonn an Roinn i dtimpeallacht ina ndéantar an-chuid comhairliúcháin agus í ag obair le páirtithe leasmhara maidir le polasaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Sula ndéanaim ceist na ndíolúintí a phlé, ba mhaith liom an méid ollmhór oibre atá á déanamh ag mo Roinn chun tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge a mheabhrú arís. Tá an Roinn ag tabhairt faoi líon suntasach gníomhaíochtaí. Ina measc sin, tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an plean gníomhaíochta cúig bliana a bhaineann léi faoina bhfuil réimse gníomhaíochtaí á gcur i gcrích ag mo Roinn agus ag a cuid gníomhaireachtaí, lena n-áirítear: an polasaí don oideachas Gaeltachta, forbairtí curaclaim sna teangacha, foghlaim ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí, agus tionscadal um fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga ó na luathbhlianta go dtí leibhéal na hiar-bhunscoile chun tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge trí pháirt-thumadh in ábhair eile trí Ghaeilge.

Tá forbairt á déanamh ar pholasaí nua maidir le hoideachas trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is céimeanna tábhachtacha iad an polasaí seo agus an polasaí don oideachas Gaeltachta maidir le comhlíonadh an ghealltanais a rinneadh i gclár an Rialtais polasaí cuimsitheach a fhorbairt i dtaca leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Seolfar próiseas comhairliúcháin phoiblí an tseachtain seo. Chomh maith leis sin, bunaíodh COGG go speisialta chun tacú leis an nGaeilge. Tugann NEPS agus an NCSE tacaíocht do scoileanna freisin.

In ainneoin stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar sna scoileanna go léir a dtugann an Roinn aitheantas dóibh, tá polasaí i leith díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i bhfeidhm le blianta fada. I dtús báire, tugadh díolúintí do leanaí ionadaithe taidhleoireachta agus consalachta. Le himeacht ama, leathnaíodh na forais ar an bhféadfaí díolúine a dheonú chun leanaí a raibh riachtanais speisialta oideachais acu a chur san áireamh agus spreagadh níos mó á thabhairt dóibh chun oideachas a fháil i suímh phríomhshrutha agus tacaíocht á cur ar fáil dóibh chuige sin.

Ó tugadh isteach ciorcláin na 1990idí, tá athruithe suntasacha tagtha chun cinn i scoileanna. Ar an gceann is bunúsaí, tá an bhéim atá curtha ag rialtais éagsúla ar shamhail an oideachais ionchuimsithigh, áit a gcuirtear oideachas ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i dtimpeallacht ionchuimsitheach in éineacht lena bpiaraí nach bhfuil riachtanais den chineál sin acu. Tá an prionsabal seanbhunaithe sin in Éirinn cumhdaithe sa reacht faoi alt 2 den Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004. Sa lá atá inniu ann, faigheann formhór mór na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu oideachas i ranganna príomhshrutha agus tacaíochtaí tábhachtacha ar fáil dóibh de réir mar is cuí. Déanann ranganna speisialta agus scoileanna speisialta ach go háirithe freastal níos mó ar scoláirí a bhfuil na riachtanais bhreise is casta acu. Go minic is scoláirí iad sin a bhfuil riachtanais leighis acu atá an-suntasach.

Chuir athbhreithniú cuimsitheach ar chiorcláin na 1990idí bonn eolais faoi chiorcláin 2019. Bhí freagairt as cuimse ar an gcomhairliúchán poiblí ag an am agus tugadh breis agus 11,000 freagra agus cuireadh isteach breis agus 100 aighneacht, lena n-áirítear ceann ó bhreis agus 4,000 tuismitheoir. Léiríonn sé sin cé chomh tábhachtach agus atá foghlaim na Gaeilge do líon an-mhór daoine.

Mar fhreagra ar iarratais ó roinnt páirtithe leasmhara, thug an Roinn gealltanas go ndéanfadh sí athbhreithniú tosaigh ar chiorcláin 2019 tar éis dhá bhliain. Cuireadh éagsúlacht mhór fianaise agus breithnithe san áireamh san athbhreithniú sin. Is maith is eol don Roinn an ríthábhacht a bhaineann leis an nGaeilge agus le cur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais agus bhí sé sin mar threoirphrionsabal san athbhreithniú. Fuarthas mórán fiosruithe ar an teileafón agus breis agus 1,000 mír chomhfhreagrais. Tháinig formhór dóibh ó thuismitheoirí a bhí ag lorg díolúintí dá leanaí. Bhain mórán acu le cásanna ina raibh riachtanais speisialta oideachais i gceist. Ina theannta sin, scríobh an tOmbudsman do Leanaí chuig mo Roinn faoi líon áirithe cásanna nuair nár ceadaíodh díolúine do leanaí a raibh riachtanais speisialta oideachais acu. Chuir sé cás-staidéar maidir le díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge san áireamh freisin ina thuarascáil bhliantúil do 2021.

Athdhearbhaíodh san athbhreithniú go bhfuil cohórt leanaí ann a bhfuil riachtanais iomadúla agus seasmhacha acu a chuireann bac suntasach orthu a bheith rannpháirteach ina gcuid foghlama agus i saol na scoile. Tá a fhios agam go dtuigfidh an coiste, faoi mar a thuigimse, na dúshláin laethúla atá roimh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus go bhféadfaí a shamhlú gur ceapadh struchtúir a chuireann an Stát i bhfeidhm chun na dúshláin sin a mhéadú. Cheap mé go raibh sé tábhachtach na fíordhúshláin sin a aithint agus, nuair is féidir é sin a dhéanamh, iarracht a dhéanamh iad a mhaolú agus ag an am céanna tábhacht na Gaelainne a aithint. Tá sé mar chuspóir ag ciorcláin 2022 aghaidh a thabhairt ar an gceist sin. Ar aon dul le ciorcláin 2019, tá foráil ann go mbeadh sé de rogha ag scoileanna cinntí a dhéanamh ag an leibhéal áitiúil ar mhaithe le leas na leanaí atá i gceist agus gairmiúlacht ghairm na múinteoireachta agus, go deimhin, an t-eolas atá ag scoileanna ar a gcuid scoláirí agus ar a gcuid riachtanas á gcur san áireamh.

Tá a fhios agam go bhfuil imní léirithe go bhfuil fás an-mhór tagtha ar líon na ndíolúintí. Tuigfidh baill an choiste go bhfuil fás ag teacht ar líon na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais á léiriú acu agus go bhfuil leanaí a ndéantaí iad a theagasc sa bhaile roimhe seo ag freastal ar an scoil anois mar gheall ar fheabhas a bheith tagtha ar na tacaíochtaí a sholáthraítear. Ar ndóigh, beidh tionchar aige sin ar líon na ndíolúintí agus táim cinnte go dtuigfidh baill den choiste na buntáistí a bhaineann baill uile an phobail scoile as an ionchuimsiú.

Creidim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh teacht ag gach leanbh ar an nGaeilge agus ar an deis í a fhoghlaim a oiread agus is féidir. Déantar foráil i ngach ceann de na ciorcláin go bhfuiltear ag súil go gcuirfidh scoileanna deiseanna ar fáil do na daltaí go léir, a oiread agus is féidir agus ar bhealach fiúntach, chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le teanga agus cultúr na Gaeilge ag leibhéal atá oiriúnach dá riachtanais foghlama agus spreagtar iad chun sin a dhéanamh.

Leagtar síos coinníollacha dochta don chatagóir nua dá bhforáiltear faoi na ciorcláin sula bhféadfar díolúine a cheadú. Níor cheart go mbeadh díolúine i gceist ach sa chás nach bhfuil aon rogha eile ann. Is saineolaithe iad múinteoirí ina ngairm féin agus déantar iad a chumasú agus tugtar acmhainní dóibh ina n-oiliúint tosaigh múinteoirí agus i bhforbairt ghairmiúil leanúnach chun tacaíocht dhifreáilte a sholáthar. Ina theannta sin, tá foráil shonrach déanta agam sna ciorcláin go gcuirfidh an Roinn leibhéal monatóireachta trí chigireacht i gcrích lena chinntiú go bhfuil na ciorcláin á bhfeidhmiú mar a bhí sé beartaithe iad a fheidhmiú. Ó tharla nach bhfuil ann ach cúpla seachtain ó eisíodh na ciorcláin nua, ní féidir fios a bheith againn chomh luath seo cén tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar líon na ndíolúintí a ceadaíodh.

Is mian liom buíochas a ghlacadh leis an gcoiste as ucht iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna fíorthábhachtacha seo. Is mian liom freisin mo thiomantas maidir le tacaíocht a thabhairt do pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge a dhearbhú. Creidim go láidir nach mór ár gcéad teanga oifigiúil a chothú, nach mór tacú léi agus nach mór í a chur ar fáil do scoláirí an oiread agus is féidir. Táim ag tnúth le dul i mbun plé leis an gcoiste faoin ábhar tábhachtach seo. Le cead an Chathaoirligh, beidh idir Ghaeilge agus Béarla á úsáid agam le linn na díospóireachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.