Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte ón Seanadóir Mullen. Tá seans nach mbeidh an Leas-Cheann Comhairle, an Teachta Connolly, in ann freastal ar an gcruinniú ach an oiread. Bíonn sí gafa sa Chathaoir sa Dáil i bhfad níos minice anois.

Cuirim fáilte roimh chomhaltaí an choiste agus na Comhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe atá anseo chun labhairt os ár gcomhair agus roimh ár lucht féachana ar theilifís an Oireachtais. Cuirim fáilte roimh an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley agus a hoifigigh ón Roinn: Dalton Tattan, rúnaí cúnta; Martina Mannion, rúnaí cúnta; Evelyn O’Connor, príomhoifigeach sa rannóg beartas, churaclam agus measúnacht; Lisa Nic Dhoinnléibhe, príomhoifigeach san aonad um oideachas Gaeltachta; agus Eibhlín Ní Scannláin, cigire sinsearach. Chomh maith leis sin, cuirim fáilte roimh na finnéithe eile atá inár dteannta inniu. Ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, cuirim fáilte roimh Jacqueline Ní Fhearghusa, príomhfheidhmeannach, agus Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach. Ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, NCSE, cuirim fáilte roimh John Kearney, príomhfheidhmeannach, agus Cathy Connolly, múinteoir cuartaíochta. Chomh maith leis sin cuirim fáilte roimh Anne Tansey, atá ina stiúrthóir sa tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, NEPS. Tá súil agam go bhfuil gach duine luaite agam.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo chun cuidiú linn sa phlé atá á dhéanamh againn ar chóras na ndíolúintí i leith staidéar na Gaeilge sa mheánscolaíocht. Mar is eol don Aire agus don Roinn, thug an coiste cuireadh do na trí eagras teacht os a chomhair an tseachtain seo caite. Faraor, níor glacadh leis an gcuireadh so tá dlús leis an méid daoine atá anseo inniu agus muid ag iarraidh críoch a chur leis an tsraith seo cruinnithe ar cheist na ndíolúintí. Tá dhá ghné éagsúla i gceist agus an t-ábhar seo á phlé againn inniu. Is chuige sin a d’eagraigh muid dhá chruinniú ar leith. Bhí sé i gceist go mbeadh an tAire ag déileáil le straitéis agus beartas an Rialtais ach déanfaimid é seo ar dtús inniu. Tá cúraimí eile ag an Aire ag a 3 a chlog so déanfaimid iarracht an chuid sin den chruinniú a chríochnú roimhe sin. Ina dhiaidh sin agus tuilleadh eolais á iarraidh againn, beidh an-suim againn san fhianaise maidir le riarachán agus cur i bhfeidhm córas na ndíolúintí, a bheidh á plé ag na heagrais atá anseo linn, COGG, an NCSE agus NEPS.

Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é seo. Má tá siad á dhéanamh seo, ba chóir an físeán a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad ag féachaint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin ach inniu tá na finnéithe ar fad os ár gcomhair. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin má tá siad lasmuigh de Thithe an Oireachtais.

Molaim d’fhinnéithe, go mór mór dóibh siúd atá ag teacht isteach ó lasmuigh, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh déanamh amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

Cuirfimid tús leis an gcruinniú i gceart. Sula ndéanfaidh mé é sin, aithním go bhfuil an Teachta McHugh ag freastal ar an gcruinniú óna oifig. Chonaic mé an Seanadóir Kyne níos luaithe. B'fhéidir go mbeidh sé ar ais linn. Iarraim anois ar an Aire Oideachais, an Teachta Foley, a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.