Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 25 October 2022

Select Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Committee Stage

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tuigim é sin. Níor chóir go mbeimis ag an stad seo agus is é sin an frustrachas atá ann. Is é sin an fáth nach bhfuil ach ag lorg tuairisce. B'fhearr liomsa go mbeadh a fhios againn go bhfuil sé seo ag tarlú ar aon chaoi ach níl am againn. Tá an t-airgead curtha ar leataobh agus na féidearthachtaí ann. Cá bhfuil an straitéis lonnaithe áfach? Cá bhfuil an t-earcú á dhéanamh dóibh siúd a bheadh ag déanamh an chraolacháin seo. Ní raibh daoine ag lorg go mbeadh aon athrú ar an reachtaíocht ó thaobh TG4 agus Cúla 4, an cainéal nua a bheadh acu. Ní raibh siad ag iarraidh go mbeadh sé lonnaithe sa reachtaíocht mar thuig siad go raibh bogadh chun cinn agus athruithe ag tarlú agus go raibh na féidearthachtaí ar fad leagtha síos cheana féin.

Tá mé sásta an leasú seo a tharraingt siar ach gealltanas a fháil go mbeidh an tAire agus, tá súil agam, an coimisiún ag obair sa treo seo. Ní féidir linn fad rófhada a ghlacadh. Is é an fáth go bhfuilimid ag caint faoi bhliain ná go bhfuil an obair ar fad déanta. Tá sé leagtha amach cé ar a bhfuil an cainéal nua seo dírithe, cá as ar chóir don airgead teacht agus cad iad na féidearthachtaí ar fad ann. D’fhéadfainn a rá go raibh sé seo simplí agus nach raibh ann ach ceadúnas a thabhairt dóibh ach is é sin é. Nuair atá an ceadúnas ar fáil, is féidir le cuid mhór den chuid eile tarlú i bhfad oiread níos tapúla.

Is stáisiún gairmiúil Ghaeilge don aos óg é. Tá mise sean go leor gur chuimhin liom na stáisiúin bhradacha ar fad. Bhí roinnt dóibh sin gairmiúil amach is amach, agus nuair a tháinig an t-athrú air ó thaobh ceadúnais de, chuaigh a lán dóibh siúd a bhí ag craoladh ag an am isteach sna stáisiúin dhleathacha. Tá a fhios againn go bhfuil daoine ann cheana féin atá in ann stáisiún Raidió Rí-Rá a chur sa tsúil mar a léirítear é gach uile bhliain. Tá na craoltóirí ann agus tá daoine óga ann atá ag gabháil don cheird seo cheana féin nach féidir leo é a dhéanamh ag an leibhéal ar mhaith leo toisc nach ceird ghairmiúil é dóibh. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag lorg go mbeidh sé gairmiúil, náisiúnta agus dírithe isteach ar dhaoine óga agus go mbeidh bogadh chun cinn ann seachas muid ag fanacht ar aon bhealach níos faide ná mar ba chóir dúinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.