Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 25 October 2022

Select Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Committee Stage

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

I move amendment No. 39:

In page 38, between lines 39 and 40, to insert the following:
“(8) (a) The Commission shall, following consultation with Raidió Rí-Rá, RTÉ, Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, and the Irish speaking community, no later than one year following its establishment, prepare and publish a report, to be laid before the Minister, both Houses of the Oireachtas, and the Joint Oireachtas Committee upon its publication, outlining options and recommendations for the provision of a national Irish language radio service for young people within the following five year period.

(b) The Minister shall take account of the recommendations of the Commission in the report set out in paragraph (a) and prepare a Bille um Raidió don Óige, setting out steps to achieve the aim of a national Irish language radio service for young people, to be presented before the Houses of the Oireachtas no later than one year following receipt of the report.”.

Le tamall fada de bhlianta anuas, tá comhrá ann maidir le stáisiún raidió a bheith dírithe ar an óige. Chuala mé na Teachtaí eile ag lua raidió áitiúil. Níl an tionchar céanna ag raidió áitiúil sa chathair seo agus atá thíos na tíre. Tá tionchar ar leith ar Raidió na Gaeltachta ní hamháin ar cheantair Ghaeltachta ach orthu siúd atá ag foghlaim na Gaeilge agus orthu siúd ón Ghaeltacht atá lasmuigh di. Táimid ag moladh go gcuirfeadh sprioc-am ar an gcoimisiún, nuair atá sé bunaithe, tuairisc a bheith foilsithe aige agus é curtha faoi bhráid an Aire, Thithe an Oireachtais agus Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a bhfuil freagra air maidir leis na meáin laistigh de bhliain.

Conas is féidir linn dul chun cinn a dhéanamh maidir le stáisiún raidió do dhaoine óga? Go dtí seo, tá a lán cainte faoi. Tá iniúchadh áirithe déanta ach níl sé leagtha amach go soiléir conas is féidir linn bogadh ó chéim ar a bhfuilimid faoi láthair go dtí an chéim ar ar chóir go mbeimis, áit ina mbeadh stáisiún raidió ann don óige. Luaigh an tAire níos luaithe an dul chun cinn suntasach atá déanta ó thaobh na teilifíse de. Tá gach uile dhuine ar an oileán ag tabhairt tacaíochta don mhéid a bhí fógartha maidir leis an airgead atá á chur ar leataobh chun TG4 do dhaoine óga a bhunadh mar chainéal ar leith. Níl aon duine chun cur ina choinne.

Is é a mhacasamhail atá i gceist ó thaobh an stáisiúin raidió seo do dhaoine óga. Níl an ceangal nó meas – b’fhéidir gurb é an focal mícheart é - ag daoine óga ar Raidió na Gaeltachta. Tá siad ag iarraidh go mbeadh ceol acu agus go mbeadh na cláir dírithe orthu agus ar an saol atá á chaitheamh acu trí Ghaeilge ar scoileanna Gaeilge nó Gaeltachta. Tá siad ag iarraidh go mbeadh ceol as Gaeilge agus ceol domhanda á chraoladh air ach go mbeadh sé craolta as Gaeilge. Tá sórt samplaí déanta againn thar na blianta. Faightear Raidió na Life anseo sa chathair ach níl sé ag craoladh ar bhonn náisiúnta. Bíonn Raidió Rí-Rá ann ar feadh tréimhse le linn Sheachtain na Gaeilge agus léirítear ag an am go bhfuil spéis ann agus go bhfuil an óige sásta díriú isteach agus éisteacht a thabhairt dó. Tá Raidió Fáilte sna Sé Chontae, áit a bhfuil a lán daoine óga ag éisteacht leis na cláir atá dírithe ar an óige.

Bheadh sé deacair dá mbeifí ag cur brú ar Raidió na Gaeltachta breis a dhéanamh mar níl ach méid áirithe ama ann agus tá sé níos deacra nuair a thosaíonn tú á roinnt idir spéis nó gnó agus díriú isteach ar dhaoine óga. Is é an fáth go bhfuil 2FM ná gur bunaíodh an dara cainéal ó Radio 1. D'aithin siad ag an am go raibh gá ann díriú isteach ar an óige ach níor thug 2FM meas riamh ar an nGaeilge. Ní dhearna sé iarracht cheart riamh déileáil léi nó an pobal óg Gaeilge a tharraingt ina threo. Chuir sé sin leis an mbrú agus an t-éileamh chun go mbeadh stáisiún ar leith ann do dhaoine óga a bheadh ag craoladh as Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.