Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. Paul Byrne:

Caitheann an príomhoide an-chuid ama ag dul timpeall agus ag lorg na páipéir sa scoil ó na múinteoirí maidir leis an tslí a fhoghlaimíonn na daltaí atá i gceist. Chomh maith leis sin, bíonn níos mó ná ceann amháin nó dhá chruinniú leis na tuismitheoirí. Bíonn sé an-deacair, mar sin, nuair a thagann tuismitheoir isteach agus díolúine á iarraidh aige nó aici chun a rá leis nó léi nach bhfuil an príomhoide ábalta an cead fáil réidh leis an nGaeilge a thabhairt. Maidir leis an am a chaitheann an príomhoide ag féachaint ar na páipéir agus ar an tslí a fhoghlaimíonn dalta; tá níos mó baint ag tuismitheoirí anois maidir le hoideachas a bpáistí agus tá guth na dtuismitheoirí agus na ndaltaí i bhfad níos airde an tráth seo dá réir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.