Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 19 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Baineann an cheist seo leis an chuid ama a chaitear leis an bpróiseas seo. An mbíonn an-chuid den am bainteach leis an bplé anonn is anall ag bailiú eolais, nó an mbíonn an t-am agus an iarracht bainteach leis an bplé leis an tuismitheoir agus leis an diúltú? Cá háit a bhfuil an t-am á chaitheamh leis seo mar shamhlóinn go mbeadh daoine faoi leith ann agus bheadh sé soiléir go mbeadh díolúine oiriúnach, ach chaithfí fós obair faoi leith a dhéanamh chun é sin a chinntiú? Má tá cinn nach bhfuil an príomhoide sásta leo, cá bhfuil an príomhoide ag caitheamh an t-am leo siúd?
Sa dara cuid, an gcoimeádtar eolas ar iarratais a bhíonn diúltaithe nó an bhfuil 100% de dhaoine ag fáil díolúine tar éis tréimhse ama éigin?
No comments