Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhí dhá cheist agam agus ní dóigh liom gur freagraíodh ceachtar acu. Ar an gcéad dul síos, an réiteodh sé an fhadhb agus, ag an am céanna, an é rud is fearr is féidir a thabhairt do ghasúr ná do scoláire óg ná a shocrú go mbeidh díolúine ó léamh agus ó scríobh na Gaeilge aige nó aici? Mar a dúirt mé, is é 90% den teanga an teanga féin, is é sin an rud a thagann ón bhfocal "tongue" an Bhéarla. Is í an focal Gaeilge dó sin ná teanga mar, ó thús an domhain, is é 90% agus níos mó de shaol teanga ar bith ná í a labhairt.

Ar an dara dul síos, mar chumann atá ag feidhmiú i bpobal iolrach anois ina bhfuil níos mó daoine ag dul ar scoil agus teangacha eile seachas an Béarla mar theanga bhaile acu, an bhfuil staidéar déanta ag Cumann Disléicse na hÉireann ar an gcaoi a ndéileáiltear leis na riachtanais atá ag na daoine sin mar a bheifear ag súil, go mór mór le scríobh agus léamh an Bhéarla, chomh maith le cibé ceann teanga bhaile atá acu? Bí cinnte go bhfuil siad ag tabhairt scríobh agus léamh an teanga bhaile leo ón scáileán teilifíse agus mar sin de. An bhfuil staidéar déanta ag an gcumann mar, ar ndóigh, dhéanfadh an cumann cúram den chaoi is fearr freisin chun déileáil leo sin? Cén réiteach a tháinig sé air, má tá an staidéar sin déanta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.