Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 12 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Professor P?draig ? Duibhir:
Déanfaidh mé trácht ar an gceist sin faoi science of reading. Maidir le curaclam na bunscoile, is curaclam comhtháite teanga atá ann. Ní curaclam Béarla agus curaclam neamhspleách Gaeilge atá ann mar a bhíodh. Is curaclam teanga atá ann. Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, tá an cur chuige ó thaobh na Gaeilge agus bronnadh na díolúine de ag teacht salach ar an gcuraclam sin agus, mar a dúirt mé roimhe, ag teacht salach ar an bhfealsúnacht i dtreo oideachas cuimsitheach agus freastal ar riachtanais na bpáistí.
Tá cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Béarla ó thaobh an chóid de. Tá cuid mhaith de na consain mar an gcéanna. Tá cúig ghuta mar an gcéanna. Tá cúig ghuta fhada sa Ghaeilge atá difriúil. Is í treoir an churaclaim ná go múintear na gutaí fada, na consain chaola, na consain leathana, agus an difríocht sin idir an Ghaeilge agus an Bhéarla. I dtaobh cóid, áfach, níl an dá theanga - an Ghaeilge agus an Béarla - chomh fada sin óna chéile. Is cód aibítre atá iontu. Nílimid ag caint faoin teanga Shínise nó teanga an Araibis nó rud ar bith mar sin. Tá an treoshuíomh céanna eatarthu. Léimid ó bhun go barr agus ó chlé go deas. Tá go leor de na scileanna litearthachta ann a thrasnaíonn ó theanga amháin go dtí teanga eile.
Maidir le háiseanna agus acmhainní ar fhónaic na Gaeilge, tá siad go léir ar fáil saor in aisce ar shuíomhanna Idirlín ag leithéidí den tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste nó ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Ní gá do mhúinteoirí clár a cheannach. Tá siad le fáil ar shuíomhanna Idirlín. Ní bheinn ag easaontú le Donald Ewing nó Gráinne O’Rourke faoi mhúineadh na Gaeilge. Léirítear i dtuarascálacha an phríomhchigire nach bhfuil an cur chuige ann agus gur ábhar buartha atá ann, rud ná bheinn á shéanadh. Caithfimid aghaidh a thabhairt air sin ach ní dóigh liom go réitíonn díolúine aon rud maidir le múineadh na Gaeilge agus cé chomh héifeachtach agus atá sé.
Ó thaobh páistí ilteangacha a bhfuil deacrachtaí foghlama acu ag foghlaim níos mó ná teanga amháin agus ag foghlaim na léitheoireachta, tá 9.4%, nó beagnach 10%, de pháistí i scoileanna lán-Ghaeilge ag teacht ó chúlraí Béarla agus tá riachtanais bhreise acu de bharr disléicse agus ar a bheith ar speictream an uathachais agus deacrachtaí foghlama eile acu a bhfuil ag déanamh dul chun cinn de réir a gcumas i scoileanna lán-Ghaeilge.
Is dóigh liom go léiríonn sé sin dúinn go bhfuil cur chuige ilteangach in ann oibriú toisc go bhfaigheann na foghlaimeoirí sin go leor ionchur sa Ghaeilge mórthimpeall orthu sa scoil. Tá siad in ann dul i ngleic leis an gcuraclam agus, dar ndóigh, bíonn ar na scoileanna sin cúnamh sa bhreis agus tacaíocht foghlama a chur ar fáil do na páistí a bhfuil disléicse orthu. Faraor, tá sé fós amuigh i measc cuid de na síceolaithe gairmiúla go mbíonn siad ag moladh páistí a bhaint amach as scoileanna lán-Ghaeilge nuair a bhíonn deacrachtaí acu. Mar a dúirt an Teachta Connolly, ní hí an Ghaeilge an fhadhb. Bíonn deacrachtaí foghlama ag páistí agus ní bhaineann sé sin leis an teanga, ach a luaithe is a bhíonn díolúine ann, ní gá don chóras dul i ngleic leis an bhfadhb. Tá cineál de réiteach pragmatach ann ach ní dóigh liom go bhfuil an réiteach sin sásúil sa lá atá inniu ann. Bhí sé sásúil, b'fhéidir, 50 bliain ó shin nuair nach raibh na hacmhainní againn, ach tá na hacmhainní againn anois.
Maidir le tíortha eile ansin agus an Bhreatain Bheag, mar shampla, mar is eol do chuid de na daoine atá i láthair ag an gcruinniú seo, tá feachtas ann go mbeadh 1 milliún cainteoirí Breatnaise ann faoi 2050. Tá múineadh na Breatnaise agus múineadh trí Bhreatnais á leathnú sa chóras. Níl aon chaint ar dhíolúine ó staidéar na Breatnaise do pháiste ar bith a bhfuil deacracht aige nó aici. Beidh ar an gcóras cabhrú leis na páistí sin.
Má théitear go dtí scoileanna ar Mhór-roinn na hEorpa, san Ostair, sa Bheilg, sa Ghearmáin agus mar sin de, agus má chuirtear ceist ar mhúinteoirí a bhfuil páistí acu le deacrachtaí sna ranganna céard faoi foghlaim an Bhéarla má tá deacrachtaí ag na páistí, féachtar ar an duine a chuireann an cheist céard a bhfuil sé nó sí ag caint faoi. Caithfear an Béarla a fhoghlaim agus sin é, agus caithfidh na múinteoirí sin cabhrú leis na páistí sin an Béarla a fhoghlaim, is cuma cén deacracht foghlama atá acu. Féachtar ar an mBéarla mar scil thábhachtach mura labhraítear é sa lá atá inniu ann. Is mar sin atá sé ar Mhór-roinn na hEorpa maidir le foghlaim teangacha de.
No comments