Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhí mé ag éisteacht leis an gcur i láthair thuas staighre agus chuir mé an-spéis ann. Chuir an tOllamh Ó Duibhir a mhéar air. Nuair atá rogha agat, ar cheart rud a shéanadh ar ghasúir - rud a bhfuil luach leis ó thaobh saíochta agus ó thaobh dúchais de, ó thaobh cé as iad, cé hiad féin agus cé muid féin, mura bhfuil fíorghá leis? An bhfuil bealaí eile le tabhairt faoin gceist atá ardaithe? Bhí mé ag smaoineamh air seo nuair a bhí na finnéithe ag caint. Bhí an-bhéim acu ar an scríobh agus an léamh. Don chuid is mó de shaol an domhain, ní raibh daoine ag scríobh ná ag léamh, nó ní raibh formhór an phobail. Fiú i gcás na hÉireann, áit a raibh an scríobh agus an léamh ann go luath le hais tíortha san Aifric, mar shampla, ní raibh siad á ndéanamh ag an bpobal i gcoitinne. Ní sin le rá go raibh siad aineolach nó aonteangach. Bhí ar na baird fadó seacht leabhar filíochta a chur go glan mheabhair agus bhí an seandlí a bhí in Éirinn, dlí na mBreithiúna, go glan mheabhair freisin. Daoine thar a bheith oilte a bhí iontu seo ach ní raibh siad ag scríobh nó ag léamh. Mar sin, ar an gcéad dul síos ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir scríobh agus léamh agus fios ar theanga.

Thiocfainn go mór leis an méid atá ráite anseo: "The quality of Irish teaching was highlighted in the Department of Education’s Chief Inspector’s Report". Tá an ceart ag na finnéithe an-bhéim a chur air sin. Tá mo bhean ag coinneáil Gaeilgeoirí. Choinnigh sí chuile bhliain iad ó 1978 suas go dtí aimsir na paindéime. Bhíodh sí i gcónaí ag déanamh iontais go raibh na gasúir seo a bhí sa mheánscoil ag déanamh na meánteiste, agus cuid acu ag déanamh na hardteistiméireachta, ag foghlaim níos mó Gaeilge i dtrí seachtaine ná mar a d’fhoghlaim siad ar scoil.

Ní raibh aon scríobh ar bun mar go raibh siad sa teach ag caint agus ag éisteacht le cainteoirí dúchasacha agus ag foghlaim na teanga ó bhéal ar an mbealach sin.

Tagann sé seo go croí na ceiste. De réir mar a thuigim, baineann an disléicse le léamh agus scríobh. Táimid ag caint anseo ar nós nach raibh teanga amháin forleathan sa tír seo nó in áiteanna eile ar domhan. Ar formhór an domhain, áfach, tá níos mó ná dhá theanga ag go leor daoine sa tsochaí. Fiú i Meiriceá Thuaidh, tá an t-uafás daoine go mbíonn Spáinnis an teanga bhaile ach gurb é Béarla teanga na scoile. Tá dhá theanga oifigiúla sa Bheilg. Anseo in Éirinn, tá an t-uafás gasúr ag dul ar scoil anois nach é an Béarla an teanga bhaile; tá an Pholainnis agus an Liotuáinis acu. Ar ndóigh, tá daoine ann gurb í an Ghaeilge an teanga bhaile atá acu. Caithfimid déileáil leis agus a fhiafraí cén chaoi a ndéileálaimid leo siúd go cothrom. Más í an Pholainnis atá ag gasúir sa mbaile agus ag dul ar scoil, an molfaí nach múintear dóibh léamh agus scríobh i mBéarla? Dá ndéanaí é sin, bheadh go leor daoine ag rá nach raibh séanadh ceart ar na daoine sin agus nach dtiocfaidís áit ar bith sa saol amach anseo mar go mbeadh cúrsaí Béarla ann agus go mbeadh siad caillte. An bhfuil aon staidéar déanta ar an bhfuil míbhuntáiste mór ag na daoine a bhíonn an Pholainnis á scríobh acu sa bhaile? Má bhíonn siad ag scríobh chuig a mamó nó ag breathnú ar an teilifís i bPolainnis, an bhfuil míbhuntáiste ag na daoine sin agus an bhfuil éagóir á dhéanamh orthu tríd an dara teanga a thabhairt isteach sa scoil ag aois an-óg, is é sin an Béarla?

Rud a thug mé faoi deara riamh maidir le gasúir le riachtanais throma a bhí tógtha i gcomhthéacs lán-Ghaeilge, i gceartlár na Gaeltachta, ná bhídís in ann an Béarla a thabhairt leo freisin go scríofa. Tá mé ag caint ar dhaoine nár scríobh nó nach léifeadh aon rud go brách na breithe. Mar sin, más le léamh agus scríobh atá an fhadhb, an bhfuilimid ag séanadh an rud gan ghá ar dhaoine go bhfuil disléicse orthu tríd gan ligint dóibh an teanga Béarla a dhéanamh? Is é sin 90%, an chuid is mó den teanga.

Bhí daoine ag tabhairt amach faoi sheanathair liomsa mar gur chum sé litriú simplí don teanga agus bhíodar ag tabhairt amach nach raibh sé sin fíor-Ghaelach. Iriseoir a bhí ann agus bhíodh luathscríbhneoireacht á dhéanamh aige agus is comhartha eile ar fad a bhí ann. D’iarr sé orthu an raibh siad ag rá nach Béarla nó Gaeilge a bhí ansin mar nach raibh éinne in ann é a léamh ach na daoine a thuigeann é.

Tá an iomarca béime á cur ar scríobh agus léamh na teanga. Ba cheart go mbeadh cur chuige amháin ann do ghasúir le riachtanais speisialta chun an chuid is mó den saol a thabhairt dóibh ar chuile bhealach leis an saibhreas a thugann dhá nó trí theanga. I gcás Gaeilge, tugtar saibhreas ar cad as a dtagann go leor de na focail a úsáideann muid agus tuiscint ar ár stair. Ba cheart é sin a dhéanamh ar an mbealach is taitneamhaí, is éasca agus is lú stró ar an scoláire. Maidir leis an gceist an bhfuil sé sin inoibrithe, déarfainn gur cheart dúinn staidéar a dhéanamh sa tír seo ar dhaoine dátheangacha, daoine nach é an Béarla an teanga bhaile acu, céard a dhéantar leo siúd agus cén chaoi a ndéanann siadsan streachailt leis an bhfadhb seo.

An chéad cheist atá agam ná, an ndéanfadh sé difríocht dá mba rud é go raibh díolúine ó léamh agus scríobh na Gaeilge ar fáil? Is í an dara ceist, agus tá brón orm ag dul chomh fada leis seo agus is ceist fhíorthábhachtach í, ná an bhfuil aon staidéar déanta ar na daoine sa tsochaí seo, gan trácht ar na daoine ar fud an domhain atá dátheangach, trítheangach, agus ceithretheangach? Tugaim faoi deara muintir na hAfraice go mórmhór. Go minic, bíonn ceithre theanga acu siúd, péire ón Eoraip agus péire ón Afraic, nó níos mó. Cén chaoi a ndéileáiltear leis an bhfadhb seo sna tíortha sin? An gcuirtear béim ar an teanga labhartha nó ar scríobh in dhá theanga nó níos mó? Cén chaoi a ndéileáiltear leis an gceist seo i dtír dhátheangach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.