Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Professor P?draig ? Duibhir:

Aontaím leis an Teachta Connolly. Ní hí an Ghaeilge an fhadhb. Tá cuireadh tugtha do chainteoirí idirnáisiúnta labhairt ag seimineáir éagsúla a d'eagraigh Sealbhú agus an rud a fheicimid ná, aon áit a bhfuil díolúine ar fáil, mar atá i Meiriceá Thuaidh, spreagann sé daoine a bheith á lorg. Nuair a chuirtear rud éigin ar fáil, spreagann sé daoine é a lorg. Féachann siad air mar cheart dá bpáistí. Anuas air sin, baineann sé an dúshlán den chóras do na múinteoirí. An fhealsúnacht atá ag an Roinn Oideachais ná, mura bhfuil ag éirí le foghlaimeoirí, caithfidh múinteoirí a dteagasc a chur in oiriúint do na foghlaimeoirí. Caithfidh gach múinteoir déileáil leis na foghlaimeoirí agus na riachtanais atá acu. Sa chás seo táimid ag rá nach bhfuil an córas in ann déileáil leis na fadhbanna seo agus mar sin ní gá dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim níos mó. Mar a dúirt an Teachta, is an Ghaeilge atá thíos air seo. An dúshlán dúinne ná teacht suas leis na réitithe nó an cur chuige ceart teagaisc chun freastal ar na riachtanais atá ag na daoine sin. Má tá 2% nó 3% de pháistí nach bhfuil in ann go fóill dul i ngleic leis an gcuraclam i gcoitinne, ní hamháin teangacha, gach seans go bhfuil gá le díolúine sna cásanna sin. Dá ndéanfaí cás staidéir ar Éirinn, d’fhíoródh sé na rudaí ar fad atá le rá sa taighde faoi dhíolúintí. Má tá díolúine ag duine, cuireann sé an córas as riocht agus baineann sé an dúshlán den chóras dul i ngleic leis na fadhbanna.

Bhí an tOllamh Fred Genesee ón ollscoil i Montréal ag seimineár againn Dé Máirt seo caite. An rud a léirigh sé ná, má fhaigheann foghlaimeoirí go leor ionchuir i dteanga amháin nó dhá theanga agus mar sin, fiú má tá dúshlán tromchúiseach foghlama acu, is féidir leo na teangacha sin a fhoghlaim. Ní bheinn ag teacht leis an méid a bhí le rá ag Donald Ewing ansin. Éiríonn le páistí i gcóras ilteangach seachas teanga amháin a fhoghlaim ar dtús agus ansin teangacha eile. Tá páistí i bhfad níos cumasaí ná mar cheapamar scór bliain ó shin. Feictear i gcórais eile nuair atá cur chuige ilteangach ann go bhfuil páistí in ann déileáil leis. Ó thaobh cód agus scríobh na teanga, bheadh sé intuigthe iad a chur ag dul i ngleic le cód amháin ar dtús. Ní shéanann sé sin labhairt na Gaeilge nó éisteacht le Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis ó thaobh na scileanna labhartha agus na scileanna ó bhéal. Ní réiteach é díolúine iomlán. Ba chóir an curaclam a chur in oiriúint, agus má chiallaíonn sé sin scileanna scríofa agus dul i ngleic leis an gcód a chur siar píosa, b'fhéidir gurb é sin an réiteach seachas díolúine iomlán ó fhoghlaim na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.