Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Mr. Declan Glynn:
Maidir le strus, níl sé sin tagtha isteach ach le roinnt seachtainí. Is foras nua é faoinar féidir díolúine a lorg agus caithfimid fanacht leis. Ach in ainm Dé, nach mbíonn strus ag baint le foghlaim na matamaitice? Déarfadh páistí agus scoláirí go bhfuil an mhatamaitic i bhfad Éireann níos deacra ná aon ábhar eile, ach ní thugtar díolúine ar bith do dhuine mar gheall ar an strus a bhaineann leis an matamaitic. Baineann strus agus brú le chuile ábhar. Cén chaoi a d'fhéadfadh tuilleadh brú nó struis a bheith ag baint leis an nGaeilge amháin agus gan aon strus ag baint le Fraincis, Spáinnis, nó Béarla? Níl ciall ná réasún leis. Is dóigh liom féin go pearsanta go bhfuil ceist le freagairt ag an Roinn Oideachais. An bhfuil an Roinn ag iarraidh foras nua ina ndiaidh forais nua agus bealach nua ina dhiaidh bealaigh nua a bhronnadh ar an bpobal le go n-éireoidh páistí as an nGaeilge? Tá na forais faoinar féidir cur isteach ar dhíolúine ag dul i méid chomh maith. Is cosúil gur freagra ar éileamh tuismitheoirí é an foras nua a bhaineann le brú agus strus. Déarfaidh mé arís é: níl aon chiall ann a cheapadh go bhfuil níos mó strus ag baint leis an nGaeilge seachas aon ábhar eile.
No comments