Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. Declan Glynn:

Tá rud éigin eile i gceist freisin. Ní thabharfainn comhcheilg air ach b'fhéidir gur cur i gcéill uafásach atá ann. Ní dhéanann 22% de na scoláirí iar-bhunscoile an Ghaeilge in aon chor. Is é sin níos mó ná duine as gach cúigear. Má leanann sé sin ar aghaidh, agus tá sé ag dul ar aghaidh go seasta, céard a bheas ann don teanga féin? Cén chaoi is féidir cur le líon na gcainteoirí de réir straitéis an Rialtais má éiríonn an méid sin scoláirí as foghlaim na Gaeilge? Cén todhchaí a bheas ann don teanga féin? Ní bheidh ann ach an bás i ndáiríre.

Tá dhá rud eile ann atá spéisiúil. Ní dhéantar aon taifead ar líon na n-iarratas ar dhíolúintí. Tá a fhios againn cé mhéad díolúine a dheonaítear, ach níl a fhios againn cé mhéad iarratas a chuirtear isteach. Ardaíonn sé sin an cheist an próiseas uathoibríoch é. An bhfuil sé éasca díolúine a bhaint amach anois? Tá an cheist sin ann. Ba cheart taifead a dhéanamh ar líon na n-iarratas ar dhíolúintí. Ní dhéantar aon taifead ach oiread ar líon na ndíolúintí ó scoil amháin go scoil eile ag an iar-bhunleibhéal. Deir roinnt dár mbaill linne go roghnaíonn roinnt tuismitheoirí iar-bhunscoil dá bpáistí má cheapann siad go bhfuil an scoil liobrálach nó flaithiúil go leor ó thaobh díolúine a dheonú.

Fágfaidh mé aige seo é. Tá sé seafóideach agus áiféiseach go mbíonn díolúine ag an uimhir sin scoláirí a dhéanann an Fhraincis nó an Ghearmáinis - idir 60% agus 70% acu. Bheadh sé spéisiúil fáil amach cé mhéad den dream sin nach ndéanann an Ghaeilge ach a dhéanann an Fhraincis, an Spáinnis, nó an Ghearmáinis ag an leibhéal onóracha. Is dóigh liom go bhfuil an-chuid scoláirí ann nach bhfuil in ann, mar dhea, tabhairt faoin nGaeilge ach atá in ann tabhairt faoin nGearmáinis ag an leibhéal onóracha. Níl taifead ar bith ar sin ach an oiread, agus ba chóir breathnú isteach sa scéal sin.

Aontaím le Anne Loughnane go bhfuil gá le hathbhreithniú ar na siollabais. Múinteoir Gaeilge agus Fraincise a bhí ionam féin tráth, i bhfad siar ó shin. Ag an am sin, bhí ualach oibre uafásach ag baint leis an nGaeilge ó thaobh líon na dtéacsanna. Tá feabhas tagtha air sin anois agus tá ardú ar an marc don bhéaltriail. Tá sé sin iontach, ach fós féin anois, níl aon litríocht ag dul leis an bhFraincis, leis an nGearmáinis, nó leis an Spáinnis. Tá litríocht agus filíocht agus chuile shórt eile fós ag dul leis an nGaeilge agus níl aon chiall leis.

An rud deireanach ar fad, fuarthas réidh leis an scrúdú bunleibhéal sa teastas sóisearach. Mar sin, na daltaí laga a mbíonn deacrachtaí éadroma foghlama acu, níl scrúdú oiriúnach ann dóibh a thuilleadh. Rud eile nach bhfuil ann a thuilleadh ná scrúdú béil éigeantach ag leibhéal an teastais shóisearaigh.

Má tá scoláire ag dul ar aghaidh chun a leaving cert a dhéanamh, cén chaoi is féidir an dá rud sin a chur le chéile? Bíonn 40% de na marcanna ag dul don bhéaltriail san ardteist ach níl aon bhéaltriail ann sa teastas sóisearach. Tá súil agam gur fhreagair mé ceist an Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.