Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Níl sé éasca agus an dá theanga i gceist. Tá fadhb ann. Ní ar na finnéithe a bhí an dualgas i dtús báire. Ba mhaith liom é sin a rá. Eascraíonn an fhadhb seo as an scéim teanga a bhí ag an Roinn. Bhí gealltanais éagsúla sa scéim teanga seo ag an Roinn agus sháraigh sí a cuid dualgas. Chun comhthéacs a chur ar an díospóireacht seo, bhí, agus tá, an dualgas ar an Roinn. Bhí scéim teanga ag an Roinn. Faoin scéim sin, dúirt an Coimisinéir Teanga "gur chóir gur i nGaeilge amháin a bheadh na logainmneacha ábhartha Gaeltachta ar an gcóras Eircode chun go dtabharfaí feidhm chruinn do ghealltanas na scéime agus moltaí an imscrúdaithe". Dúirt an Coimisinéir Teanga go soiléir gur i nGaeilge amháin gur cheart go mbeadh na logainmneacha sa Ghaeltacht ag Eircode, agus níl sé sin ag tarlú. Tá sé leagtha amach go soiléir go bhfuair sé neart gearán go raibh daoine sa Ghaeltacht ag fáil seoltaí i mBéarla. Dúirt sé, "Dá thoradh seo ar fad, tá logainmneacha Gaeltachta i mBéarla fós á n-úsáid ag Eircode chomh maith leis na leaganacha oifigiúla Gaeilge." Cad a chiallaíonn sé sin? Dar leis an gcoimisinéir, "Ciallaíonn sé sin go bhfuil na leaganacha Béarla á n-úsáid go minic mar réamhshocrú ag gnólachtaí tráchtála." Tuigeann na finnéithe go raibh scéim teanga ag an Roinn agus bhí dualgas ar an Roinn ó thaobh conarthaí. Tá ceart ag daoine sa Ghaeltacht logainmneacha áitiúla a bheith i nGaeilge amháin.

Bhí mé féin agus mo chomhghleacaithe ag iarraidh fáil amach cén dul chun cinn atá déanta ag na heagraíochtaí ar an talamh, go háirithe Eircode, ní mór dom a rá. Cén tslat tomhais atá acu chun é sin a bhaint amach agus a chur i gceart? Tá reachtaíocht níos láidre againn anois ná mar a bhí nuair a thosaigh an taighde seo. Tá na dualgais atá ar an Roinn maidir leis na conarthaí a dhéanann sí le tríú páirtithe i bhfad níos láidre anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.