Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Críochnóimid leis sin. Táimid tar éis ocht nó naoi seisiún a bheith againn ar an ábhar seo, rud atá an-mhór. Táimid tar éis éisteacht leis na siopaí agus na dáileoirí agus bhí Foras na Gaeilge, An Gúm agus Áis os ár gcomhair. D’éist muid le foilsitheoirí difriúla, údair dhifriúla, filí, úrscéalaithe, tráchtairí agus Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge thar tréimhse fhada. Táimid ag déanamh iarrachta tuiscint a fháil ar conas mar atá an gnó nó an earnáil seo ó thaobh litríocht na Gaeilge, cad iad na ceisteanna móra atá ag déanamh tinnis dóibh agus cad iad na tuairimí atá ann maidir le conas déileáil leo. Chomh maith leis sin, lorg muid achainíocha ón bpobal agus tháinig roinnt acu isteach so beimid ag treabhadh trí gach rud atá ráite linn agus na freagraí a tugadh ar na ceisteanna inniu.

Gabhaim mo bhuíochas leo siúd atá anseo inniu agus leis na finnéithe ar fad a bhí anseo. Fuaireamar roinnt eolais ó fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht thar lear i mionteangacha agus conas mar a thiteann rudaí i dtíortha eile. Tá an tslí ina gcaitear leo spéisiúil chomh maith. Tá súil agam na tuairimí seo ar fad a chur le chéile agus tuairisc a fhoilsiú am éigin san fhómhar le moltaí dírithe ar an Aire, ar an gComhairle Ealaíon - bhí an chomhairle agus na leabharlanna os ár gcomhair chomh maith - agus ar Áis, An Gúm agus a leithéidí agus na scríbhneoirí féin maidir le conas gur féidir linn cuidiú leo agus conas gur féidir leo cuidiú leo féin chomh maith céanna.

Bhí an comhrá inniu spéisiúil toisc gur dearcadh difriúil atá ann. Is iad na finnéithe na daoine atá ag déileáil leis an bpobal agus ag triail na leabhar atá foilsithe a dhíol. Cuirfimid cóip den tuairisc chuig na finnéithe nuair atá sí foilsithe. Má smaoiníonn siad ar aon rud eile idir seo agus an fómhar, nó má smaoiníonn aon duine atá ag éisteacht linn ar aon rud thar tréimhse an tsamhraidh, is féidir leo scríobh chugainn agus déanfaimid iarracht na tuairimí sin a chur san áireamh sa tuarascáil atá á dhéanamh againn. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid más féidir sa chaoi go mbeidh díospóireacht níos leithne ann agus gur ar son tairbhe litríochta, scríbhneoireachta, foilsitheoireachta agus díolacháin leabhar Gaeilge a bheidh an méid ama atá caite againn ar an ábhar seo.

Gabhaim buíochas leis an gceathrar finnéithe as a bheith anseo linn inniu. Tá súil agam gur bhain siad tairbhe éigin as. Tá a fhios agam gur bhain mise tairbhe as, chomh maith le tuiscint níos fearr as an réimse seo de cheist scríbhneoireacht na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.