Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Gr?inne N? Mhuilneoir:

Ó thaobh na poiblíochta de, tá a fhios ag na foilsitheoirí cheana féin agus sin an fhadhb. Tá sé an-deacair briseadh amach as saol na Gaeilge. Tá daoine i saol na Gaeilge, ag labhairt le saol na Gaeilge faoi rudaí i saol na Gaeilge. De réir a chéile, laghdaítear cé chomh mór is atá an ciorcal sin. Cuireann tú scéal amach uair amháin agus faigheann gach duine é agus ansin an dara huair b’fhéidir nach sroicheann sé gach duine. Faoin deichiú huair, níl aon duine ag breathnú ar an nuachtlitir níos mó. Níl éinne ag scaipeadh an scéil sa chaoi chéanna agus sin má tá tú ag tosú amach lena leithéid Madame Lazare. Nuair a scaiptear scéal faoi Madame Lazare, má luaitear é sna nuachtáin nó aon rud, bíonn buaic éigin díolacháin dúinn.

Sin an t-aon leabhar lena bhfuil sé sin ag tarlú le déanaí. Is eiseamláir an chaoi go bhfuil Futa Fata ag plé leis sin. Conas is féidir le foilsitheoirí eile é a dhéanamh? B’fhéidir nach gá dóibh an rud ceannann céanna a dhéanamh ach is féidir leo breathnú orthusan agus a rá gur eiseamláir an cur chuige sin. Fuair siad poiblíocht agus léirmheasanna. Cuidíonn sé gur leabhar an-mhaith atá ann agus bheadh sé an-éasca ar dhuine léirmheas maith a scríobh mar gheall air. Sin an cineál rud a bhíonn i gceist nuair a labhraítear faoi phoiblíocht. An rud atá ag teastáil ná a bheith luaite ar an “Late Late Show” nó in The Irish Times. Pé rud é, más eolas i mBéarla é faoi leabhair Ghaeilge nó eolas dátheangach feicfidh níos mó daoine an rud. Níl muid ag caint faoi chorpas amháin a úsáid arís is arís eile ach féachaint ar na bealaí éagsúla atá againn. An gníomh is mó gur féidir le haon duine le Gaeilge a dhéanamh ar son leabhair Ghaeilge ná a rá le daoine ar a n-aithne gurb ann do leabhair Ghaeilge, leabhair mhaithe Ghaeilge agus siopaí a dhíolann iad agus gur féidir a theacht orthu. An-mhinic, níl a fhios ag an duine é sin. Buaileann siad isteach chuig An Siopa Leabhar agus deir siad nach raibh a fhios acu go raibh an oiread sin leabhair Ghaeilge ann. Bíonn ionadh ollmhór ar dhaoine a thagann isteach chugainne. Tá réimse an-mhór againn agus ní bhíonn sé sin le feiceáil sna siopaí eile. Is cuid den phoiblíocht iad na siopaí, chomh maith leis na hirisí agus na nuachtáin agus a bheith luaite ar chláir raidió. Ní féidir é sin a bhaint amach le gach uile leabhar so cad is féidir a dhéanamh? An féidir é sin a bhaint amach le gach uile leabhar? An fiú acmhainní a dhíriú i dtreo leabhair amháin a shíltear a bheadh an-mhaith agus daoine a fháil isteach sna siopaí, siopaí nach An Siopa Leabhar iad, ag rá leis na díoltóirí leabhar go bhfuil leabhar Gaeilge uathu agus gur mhaith leo go n-ordódh siad é? Ó thaobh siopaí uile, ní hamháin muidne, an rud is fearr go bhféadfadh daoine aonair a dhéanamh ná leabhair Ghaeilge a mholadh do dhaoine eile agus a rá gurb ann dóibh. Ba chóir iad a thaispeáint más féidir ach an rud is tábhachtaí ná a rá “I saw a good Irish language book the other day. Did you know they exist?”

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.