Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an ionchur iontach ionraic atá tugtha acu go dtí seo. Is maith liom an téarma "closleabhar". Is é an chéad uair dom é sin a chloisteáil. Cé go bhfuil a fhios againn go mbeidh spás i gcónaí faoi choinne fíorleabhar agus leabhair a bhfuil daoine in ann coinneáil ina gcuid lámha, an dóigh leis na finnéithe go mbeidh ráchairt níos mó ann faoi choinne a leithéid de na leabhair leictreonacha agus na closleabhair? Cén dóigh ar féidir leis na foilsitheoirí agus daoine cosúil leis na finnéithe, a bhfuil siopaí acu, atá ag díol na leabhar seo múnlóireacht a dhéanamh don todhchaí? Is é sin an dóigh a dhéanann níos mó daoine idirghníomhithe le leabhair, a lán de mo chairde agus mo chlann san áireamh. Nuair atá siad amuigh faoi choinne ag rith, ar a rothar, nó ag tiomáint áit éigin, tá siad ag éisteacht le leabhair nó podchraoltaí. An féidir spás lárnach a chruthú atá ina hub de shórt éigin ar nós Audible don Ghaeilge, ag dul chun tosaigh? Dar ndóigh, ní bheadh sé in úsáid ag na finnéithe. An mbeadh ar shiopaí leabhar adopting a dhéanamh don rud seo agus muid ag dul ar aghaidh? Cén dóigh ar thabharfaidís leo é sin a dhéanamh? An mbeadh tacaíocht de dhíth orthu é sin a dhéanamh?

Teastaíonn barúil uaim ar an gceist faoi fhógraíocht agus phoiblíocht do scríbhneoireacht, d'fhoilsitheoireacht agus do léitheoireacht na Gaeilge. Cén dóigh a réiteoimid an fhadhb sin? Tá gach duine, atá ag teacht os ár gcomhair le roinnt seachtaine anuas, ag lua cheist mhargaíochta agus phoiblíochta agus fógraíocht ar na meáin trí mheán na Gaeilge agus ar son leabhar agus fhoilseachán Gaeilge. Níl mise iomlán soiléir ag an bpointe seo, agus beidh orainn moltaí a dhéanamh sa tuairisc seo, cén dóigh a réiteoimid an cheist sin. Cé a bheidh freagrach as? Cad iad na dualgais a bhféadfar a chur i bhfeidhm le go mbeidh sé cinnte go mbeidh daoine ag plé cúrsaí léitheoireachta agus foilsitheoireachta trí Ghaeilge, seachas 15 nóiméad le linn sheachtain na Gaeilge ar chlár raidió áit éigin? Cén dóigh ar féidir linn é sin a mhéadú sa dóigh agus go mbeadh dul i méid, tá súil agam, i dtaca le léitheoireacht Ghaeilge, foilsitheoireacht Ghaeilge agus ceannach leabhar i nGaeilge?

Tá mé le bheith thuas sa Seanad fosta. B'fhéidir nach mbeidh mé in ann fanacht ar na freagraí ina n-iomláine. Is cinnte go léifidh mé iad ar ais, mura bhfuil mé in ann é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.