Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 July 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Gr?inne N? Mhuilneoir:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na baill eile as an gcuireadh seo a thabhairt do An Siopa Leabhar labhairt os comhair an chomhchoiste seo. Is mise bainisteoir An Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge. Is siopa é a fheidhmíonn trí Ghaeilge agus a fhreastalaíonn ar chustaiméirí ar an oileán seo agus go hidirnáisiúnta. Labhróidh mé beagáinín faoin siopa agus luafaidh mé moltaí faoi leith atá againn agus bearnaí atá aitheanta againn sa mhargadh ó bheith ag caint le custaiméirí, le léitheoirí, le teaghlaigh, le foghlaimeoirí agus le léitheoirí dílse leabhair Ghaeilge.

Tá aitheasc i bhfad níos faide scríofa amach agus curtha isteach agam. Ar mhaithe le gontacht, ní bheidh mé ag dul isteach go rómhion sa scéal anseo. Osclaíodh doras an tsiopa in 1975. Tá an siopa ar oscailt agus ag feidhmiú trí Ghaeilge ó shin i leith. Is ann don siopa fós a bhuí le Conradh na Gaeilge, a sheasann an fód ar son an tsiopa agus a chuireann an t-ionad ar fáil. Ceapadh mise sa ról seo in 2018. Tá neart forbairtí curtha i bhfeidhm ó shin le hacmhainní teoranta. Tá an fhoireann méadaithe againn agus tá suíomh idirlín comhaimseartha againn, rud a shábháil an siopa le linn na dianghlasála. Tá réimse agus líon an stoic ardaithe, tá teacht isteach, móide caiteachas, ardaithe. Thar aon rud eile, tá leagan amach an tsiopa leasaithe. Molaimid do dhuine ar bith nach raibh istigh le tamall anuas cuairtín a thabhairt ar an siopa chun na hathruithe sin a fheiceáil.

Ba mhaith linn an Áisíneacht Dáileachán Leabhar a mholadh as an obair atá curtha i gcrích. Tá sí i ndiaidh forbairtí móra a chur i bhfeidhm le cúpla bliain anuas in ainneoin foireann teoranta, acmhainní teoranta agus iad a bheith curtha amach go Dún Seachlainn ar an taobh eile den M50. Tacaím go cinnte le daoine eile atá i ndiaidh a rá gur cheart go mbeadh suíomh idirlín acu, fiú más cuid de shuíomh an Fhorais féin é, a léireodh cé hiad na foilsitheoirí a ndéanann sí soláthar orthu.

Tá pointe eile le hardú againn mar gheall ar an dáileachán. Mar shiopa, is é sin mar chustaiméir atá ag an dáileoir, ní féidir linn leabhar a ordú ó na dáileoirí, Áis nó eile, mura bhfuil a fhios againn gurb ann dó. Le blianta beaga anuas, tá brú curtha againn ar sholáthraithe éagsúla scéal a chur chugainn nuair a bhíonn leabhair ar fáil. Ní hé go bhfuil muid suite ar Shráid Fhearchair ag fanacht ar gach eolas teacht chomh fada linn. Téimid sa tóir ar an eolas céanna agus fós tá leabhair nach gcloisimid fúthu go ceann seachtainí nó míonna i ndiaidh a bhfoilsithe ceal teagmhála. Caithfear cuimhneamh gur siopa Gaeilge muid atá ag iarraidh leabhair Ghaeilge a cheannach agus a dhíol agus a thuigeann gurb ann d’fhoilsitheoirí difriúla agus go bhfuil aithne againn ar a chéile. Níl mé cinnte an mar sin a bhíonn an scéal le siopaí eile.

Cuireann An Siopa Leabhar seirbhís Ghaeilge ar fáil. Aon rud a dhéanann muid, déanann muid i nGaeilge é, pé rud atá i gceist. Cuireann an méid sin ar fad leis an eispéireas custaiméara agus leagaimid an-bhéim air sin. Creidim go bhfuil neart mór a d’fhéadfadh siopaí eile na tíre a fhoghlaim ó An Siopa Leabhar mar gheall ar sholáthar leabhar Gaeilge agus cad is custaiméir le Gaeilge ann. Moltar go bhfeicfidh siopaí go ginearálta mar bhuntáiste é má tá Gaeilge ag daoine ar an bhfoireann agus go dtacóidh siad le húsáid na teanga san ionad oibre. Moltar an rud céanna i dtaca leis na leabharlanna poiblí. Creidim go láidir go bhfuil i bhfad níos mó daoine sa tír seo a cheannódh nó a léadh leabhair Ghaeilge ach fios a bheith acu gurb ann dóibh.

Ba mhian liom labhairt, más go tapa féin é, faoi chuid de na bearnaí atá aitheanta againn mar shiopa Gaeilge, is é sin, rudaí a dtagann daoine chugainn á lorg go rialta. D’fhéadfainn an lá a chaitheamh ag labhairt faoi seo ach tuigim na teorainneacha atá ann. Tá bearnaí ann do léitheoirí céimnithe, is é sin leabhair do dhaoine fásta i sraith a éiríonn níos deacra de réir mar a théitear ar aghaidh; leabhair agus acmhainní dírithe ar dhaoine a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, go háirithe disléicse; leabhráin i dteangacha eile le ligean do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim gan brath ar an mBéarla; foclóirí Gaeilge agus teangacha eile, mar shampla, foclóir Gaeilge-Fraincis agus Fraincis-Gaeilge; leabhair le carachtair ilchineálacha, mar shampla carachtair LADTA+, is é sin carachtair aeracha, déghnéasacha, tras, aiteacha, idirghnéis agus eile; agus leabhair le cineálacha éagsúla teaghlach, daoine faoi mhíchumas agus an sórt ilchineálachta a chuirfeadh fonn ar dhaoine ó chúlraí éagsúla leabhair Ghaeilge a phiocadh suas. Ba chóir guthanna ó phobail éagsúla a aimsiú, a mholadh agus a fhorbairt. Tá bearna do shraitheanna do dhéagóirí leis an údar céanna agus a leanann na carachtair chéanna. Ba ghá infheistíocht ama agus fís fhadtéarmach a bheith ann idir scríbhneoirí, fhoilsitheoirí agus mhaoinitheoirí. Tá bearna ann do ghreannáin nó coimicí de bhunadh na Gaeilge agus do leabhair dhátheangacha ina bhfuil an dá theanga ag breathnú ar a chéile. Facing page translation a dtugtar air sin. Is rímhinic a chuirtear ceist orainne in An Siopa Leabhar faoi sin agus caithfidh muid leabhair do ghasúir a mholadh do dhaoine fásta. Tá bearna ann freisin do leabhair le gníomhaíochtaí, mar shampla crosfhocail agus cuardach focal do dhaoine óga.

Moltar, i dtosach báire, scéim na gcoimisiún faoi chlár na leabhar Gaeilge a thabhairt ar ais agus a chur ar fáil arís. Moltar ansin brainse breise fós de scéim na gcoimisiún a úsáid le daoine a spreagadh chun tús a chur ag líonadh na mbearnaí seo. Theastódh infheistíocht ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta mar gheall ar acmhainní do dhaoine le deacrachtaí foghlama. Thairis sin, moltar go leagfar dualgas ar An Gúm saothair a choimisiúnú a léiríonn an ilchineálacht agus an t-idirchultúrachas atá fásta agus ag fás sa phobal idir bhunsaothair Ghaeilge agus aistriúcháin. Tá i bhfad níos mó le rá agam, ach níl ar intinn agam fanacht anseo go dtí 4 p.m. nó fiú meán oíche, mar a bheadh ag teastáil le dul trí gach rud. Táim ag súil le ceisteanna agus plé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.